20211103_IRISH_’tiocfaidh_athru_aeraide_romhainn_mura_ngniomhaitear’-taoiseach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yevy5kdm

‘Climate change will come if we do not take action’-Taoiseach.

‘Tiocfaidh athrú aeráide romhainn mura ngníomhaítear’-Taoiseach.

At the COP26 Conference in Glasgow, the Taoiseach said it was not too late to take action on tackling the climate problem.

Ag Comhdháil COP26 i nGlaschú, dúirt an Taoiseach nach raibh sé ró-mhall gníomhú i dtaca le dul i ngleic le fadhb na haeráide.

He addressed the council earlier in the afternoon.

Thug sé a aitheasc os comhair na comhairle níos túisce tráthnóna.

‘If we act soundly now, we will give the best possible reward to mankind, a planet in which to live,’ said the Taoiseach.

‘Má ghníomhaíonn muid go fónta anois, tabharfaidh muid an duais is fearr a d’fhéadfaí thabhairt don chine daonna, pláinéad gur féidir maireachtáil ann’, a dúirt an Taoiseach.

He also said that he accepts that many of the problems were caused by the first world ‘s rich countries, and that those countries now had a duty to help the poorest.

Dúirt sé freisin go nglacann sé leis gurbh iad tíortha saibhre an chéad domhain faoi ndear chuid mhaith de na fadhbanna, agus go raibh dualgas anois ar an tíortha sin theacht i gcabhair ar an tíortha is boichte.

‘Ireland will not fail to meet its obligations in this regard,’ he said.

‘Ní loicfidh Éirinn ar a chuid dualgais ina leith seo’ a dúirt sé.

The Taoiseach has promised that by 2025 this country will double the money provided to the world’s underdeveloped countries to tackle climate change.

Gheall an Taoiseach go ndúblódh an tír seo faoi 2025 an t-airgead a chuirtear ar fáil do thíortha tearfhorbartha an domhain chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

This would be € 225m.

€225m a bheadh i gceist ansin.

He reaffirmed that by 2050 this country would be carbon neutral.

Gheall sé arís go mbeadh an tír seo neodrach ó thaobh an charbóin dhe faoi 2050.

This country has also added its name along with over 80 other countries to the market to reduce methane emissions by 30% by 2030.

Chuir an tír seo a hainm freisin i dteannta breis is 80 tír eile leis an margadh go laghdófaí astaíochtaí meatáin 30 faoin gcéad faoi 2030.

This could put its own pressure on the farming sector here.

D’fhéadfadh sé seo a bhrú féin a chur ar earnáil na feirmeoireachta anseo.

But Taoiseach Micheál Martin said tackling climate change was not a second choice for the future of farming and the community at large.

Ach dúirt an Taoiseach,Micheál Martin nach bhfuil an dara rogha ann ach dul i ngleic leis an athrú aeráide ar mhaithe le todhchaí na feirmeoireachta agus an phobail tré chéile.

He said it was important for the Government to work closely with the farming sector to ensure its existence for future generations.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go n-oibreodh an Rialtas go dlúth le hearnáil na feirmeoireachta lena chinntiú go mbeidh sí ann do na glúnta atá le teacht.

He pointed out that the focus should be on deviating from its old traditional farming methods, and focusing on biodiversity and forestry replanting.

Thug sé le fios gur chóir smaoineamh go géar imeacht óna sean-mhodhanna traidisiúnta feirmeoireachta, agus díriú ar an mbithéagsúlacht agus athphlandáil foraoiseachta.

‘If action is not taken on the issue of climate,’ he said, ‘it will come to us in the future and it will be paid for.’

‘Mura ngníomhaítear ar cheist na haeráide’ a dúirt sé, ‘tiocfaidh sé romhainn amach anseo agus íocfar as’.

Leave a Reply