Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:40 — 1.1MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y8umlx52
582 new cases; Another 6 died – Covid 19.
582 cás nua; 6 eile básaithe – Covid 19.
There were 582 new cases of Covid 19 in the state today and another six died with the virus.
Bhí 582 cás nua de Covid 19 sa stát inniu agus bhásaigh seisiúr eile leis an víreas.
In total, 2,149 people have been lost here with Covid 19 and there are 78,254 cases on record so far.
In iomlán, tá 2,149 duine caillte anseo le Covid 19 agus tá 78,254 cás ar an taifead go dtí seo.
There are currently 198 people in hospital with the virus, 34 of whom are in the intensive care unit.
Tá 198 duine san ospidéal leis an víreas faoi láthair, 34 acu atá san aonad dianchúraim.
In the last twenty – four hours, an additional thirteen people have been admitted to hospital with Covid 19.
Le ceithre huaire is fiche anuas, chuaigh trí dhuine dhéag sa bhreis isteach san ospidéal le Covid 19.
Chief Medical Officer, Dr Tony Holohan, said: “Over the past week, we have expressed concern about the rising number of cases.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Tony Holohan: “Le seachtain anuas, tá imní léirithe againn faoin ardú atá ag teacht ar líon na gcásanna.
Tonight, the figures show that things are deteriorating even faster than expected, even.
Anocht, léiríonn na figiúirí go bhfuil cúrsaí ag titim chun donais níos sciobtha ná mar a bhí súil leis, fiú.
“As we approach Christmas, the country cannot handle this level of infection,” he said.
“Agus muid ag druidim i dtreo na Nollag, ní féidir leis an tír an leibhéal ionfhabhtaithe seo a láimhseáil”, a dúirt sé.
“The vaccine is certainly encouraging.
” Is údar dóchais é an vacsaín, cinnte.
But we need to keep alive those vulnerable groups who have been identified for the first few doses until they find it. ”
Ach caithfimid na grúpaí leochailleacha sin atá luaite leis na céad dáileoga a choinneáil ina mbeatha go dtí go bhfaighidh siad é.”
Dr Holohan said this morning that the National Public Health Emergency Team had written a letter to the government informing them that immediate action was needed to control the spread of the virus.
Dúirt an Dochtúir Holohan ar maidin go raibh litir scríofa ag an bhFoireann Éigeandála Náisiúnta Sláinte Poiblí chuig an rialtas le cur in iúl dóibh gur gá dul i mbun gnímh láithreach le smacht a fháil ar scaipeadh an víris.
The government has said that stricter restrictions may be reintroduced by the end of the year.
Tá sé ráite ag an rialtas go mbfheidir go dtabharfar isteach srianta níos géire arís faoi dheireadh na bliana.