Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:38 — 853.1KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y38w7w9l
5,000 school children with a need waiting too long for assessment.
5,000 páiste scoile le riachtanas ag fanacht ró-fhada do mheasúnú.
More than 5,000 school children with a need are waiting longer for assessment than is permitted by law.
Tá breis is 5,000 páiste scoile le riachtanas ag fanacht níos faide do mheasúnú ná mar atá ceadaithe de réir dlí.
This is according to figures provided to RTÉ by the Health Service Executive (HSE).
Sin de réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) do RTÉ.
By the end of March 2020, 5,083 children had been shown to be on the waiting list for too long.
Faoi dheireadh Mhárta 2020, léiríodh go raibh 5,083 páiste ró-fhada ar an liosta feithimh.
Children with autism are especially mentioned in this account.
Luaitear go speisialta páistí le huathachas sa gcuntas seo.
‘The sooner you come to the aid the better’ 6 months, by law, is the time set out for this assessment of a child from the time a problem is identified.
Dá luaithe dá dtagtar i gcabhair is ea is fearr 6 mhí, de réir an dlí, an spás ama a leagtar amach chun an measúnú seo a dhéanamh ar pháiste ón am a dtugtar faoi deara go bhfuil fadhb i gceist.
But the HSE acknowledges that the average waiting time is 19 months, and in some cases it could be years.
Ach admhaíonn an HSE gurb é 19 mí an meán-am feithimh, agus go bhféadfadh sé a bheith blianta i gcásanna áirithe.
It is only after assessment that the child can access public health services.
Is i ndiaidh an mheasúnaithe gur féidir leis an bpáiste teacht i dtír ar sheirbhísí na sláinte poiblí.
The sooner the said problem is addressed, the more likely it is that the child ‘s difficulties will be overcome and the state will be saved in the future.
Dá luaithe dá dtéitear i ngleic leis an bhfadhb a deirtear, is ea is mó seans atá ann go sárófar deacachtaí an pháiste agus go sábhálfar airgead ar an stát sa todhchaí.