Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:52 — 908.5KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yxqnrs7y
EU launches Covid-19 rescue package.
Margadh déanta ag an AE ar phacáiste tarrthála covid 19.
European Union leaders held a ‘historic’ deal in Brussels last night over a plan to help the economies of countries hit hard by the coronary virus crisis.
Rinne ceannairí an Aontais Eorpaigh margadh stairiúil sa Bhruiséal aréir maidir le plean chun cabhrú le geilleagair na dtíortha atá buailte go mór ag géarchéim an choróinvíris.
The leaders held talks in Brussels for almost five days in a row.
Bhí na ceannairí i mbun cainteanna sa Bhruiséil ar feadh beagnach cúig lá as a chéile.
A range of measures worth € 1.8 trillion has been agreed.
Aontaíodh réimse bearta ar luach €1.8 trilliún.
€ 750 billion will be put into a recovery fund, € 390 billion will be given out in grants and € 360 billion in loans.
Cuirfear €750 billiún i gciste téarnaimh, €390 billiún a thabharfar amach i ndeontais agus €360 a thabharfar amach in iasachtaí.
“This agreement has signaled that Europe is united and that this is a crucial time as we move forward.”
“Tugadh an comhaontú seo le fios go bhfuil an Eoraip aontaithe agus gur uair chinniúnach í seo agus muid ag dul chun tosaigh.”
said Summit Chairman Charles Michel.
a dúirt Cathaoirleach an Chruinniú Mullaigh, Charles Michel.
It has been a violation for some time among member states about the share of the allowance donated in their grants and loans.
Bhí sé ina shárú le tamall i measc na mballstát faoin sciar den allúntas a mbronnraí ina dheontas agus ina n-iasachtaí.
Taoiseach Micheál Martin said it was worth the trouble and time spent negotiating.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gurb fhiú an tairbhe an trioblóid agus an t-am a chaitheamh leis an idirbheartaíocht.
“I welcome the package – € 1.8 trillion – which will pave the way for a revitalization of the European Union economy.”
“Fáiltim roimh an phacáiste – €1.8 trilliún – déanfaidh sé an bealach a réiteach le hathbheochán a dhéanamh ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh.”
said the Taoiseach.
a dúirt an Taoiseach.