20200718_IRISH_10_17



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y63qmadw

Summit held in Brussels.

Cruinniú mullaigh ar siúl sa Bhruiséil.

A summit is being held in Brussels for European Union leaders.

Tá cruinniú mullaigh ar siúl sa Bhruiséil do cheannairí an Aontais Eorpaigh.

The talks are aimed at agreeing a 7-year budget and a € 750 Covid-19 rescue fund.

Tá na cainteanna dírithe ar bhuiséad 7 mbliana agus ar chiste tarrthála €750 covid 19 a aontú.

Germany and France want grants to be the bulk of the fund but other nations, including the Netherlands, want loans and not grants.

Tá an Ghearmáin agus an Fhrainc ag iarraidh go mbeadh deontais mar mhórchuid an chiste ach tá náisiúin eile, an Ísiltír san áireamh ag iarraidh gur iasachtaí agus ní deontais a bheadh i gceist.

This is the first time for New Taoiseach Micheál Martin to attend the leaders’ meeting and the first time for the leaders to meet since the end of February.

Seo an chéad uair don Taoiseach Nua Micheál Martin a bheith i láthair ag cruinniú na gceannairí agus an chéad uair do na ceannairí teacht le chéile ó dheireadh Mhí Feabhra.

Taoiseach Micheál Martin said that Europe needs to give further thought to other proposals, including the proposed digital tax.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcaithfidh an Eoraip tuilleadh macnaimh a dhéanamh ar mholtaí eile, ina measc, an cháin dhigiteach atá molta.

Leave a Reply