20200717_IRISH_08_55



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y64ldufn

Supervised shoppers worry about new rule.

Imní ar shiopadóirí faoi mhaoirseacht ar riail nua.

A spokesman for the Association of Retailers, Groceries and Dairies and their Traders said that the biggest challenge for members will be to ensure that customers wear masks.

Dúirt urlabhraí ón gComhlachas Miondíoltóirí, Earraí Grósaeireachta agus Déiríochta agus a gComhthrádálaithe gurb é an dúshlán is mó a bheas le sárú ag na baill a chinntiú go mbeidh maisc á gcaitheamh ag custaiméirí.

The Association speaks on behalf of 4,000 shoppers and spokeswoman Tara Buckley said they should not be responsible for overseeing the new rule.

Labhraíonn an Comhlachas thar ceann 4,000 siopadóir agus dúirt an t-urlabhraí Tara Buckley nár cheart gurb iadsan a bheadh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an riail nua.

The Government announced yesterday that both customers and staff will be required to wear masks in shops and supermarkets, and new legislation is being prepared accordingly.

Dfhógair an Rialtas inné go mbeidh sé éigeantach ag custaiméirí agus ag an bhfoireann araon maisc a chaitheamh i siopaí agus in ollmhargaí, agus go bhfuil reachtaíocht nua á réiteach dá réir.

John Douglas from the Mandate union welcomed the announcement and indicated that it will bring mental satisfaction to staff and customers.

Dfháiltigh John Douglas ón gceardchumann Mandate roimh an bhfógra agus thug sé le fios go dtabharfaidh sé sásamh intinne don fhoireann agus do chustaiméirí.

However, he said, he thinks a € 2,500 fine and a six-month prison term are too severe a penalty.

Mar sin féin, a dúirt sé, ceapann sé go bhfuil fíneáil €2,500 agus téarma príosúin sé mhí ródhian mar phionós.

Gardaí said they are preparing files to send to the Director of Public Prosecutions about 37 pubs alleged to have breached public health rules or licensing laws between 3 and 12 July.

Dúirt na Gardaí go bhfuil comhaid á réiteach acu le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi 37 teach tábhairne a ndeirtear fúthu gur sháraigh siad rialacha sláinte poiblí nó dlíthe ceadúnais idir 3 agus 12ú Iúil.

Elizabeth Canavan from the Department of the Taoiseach claimed that most pubs complied with the rules, but that some were drinking and that there was no indication that they had eaten or were preparing a meal.

Mhaígh Elizabeth Canavan ó Roinn an Taoisigh go raibh formhór na dtithe tábhairne ag cloí leis na rialacha, ach go raibh daoine ag ól i gcuid acu agus gan aon chosúlacht go raibh siad tar éis béile a chaitheamh ná go raibh béile á ullmhú dóibh.

Tánaiste Leo Varadkar also indicated today that the reopening of pubs may be postponed once again until sometime after 10 August.

Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios inniu chomh maith go mbfhéidir go gcuirfear athoscailt tithe tábhairne siar arís eile go dtí uair éigin tar éis 10 Lúnasa.

It depends, he said in the Dáil, on the number of people affected by the coronavirus by that date.

Braitheann sé, a dúirt sé sa Dáil, ar líon na ndaoine a bheas buailte ag an gcoróinvíreas faoin dáta sin.

The Government announced yesterday that pubs that do not provide a food service will not be allowed to reopen until 10 August instead of next Monday as planned.

Dfhógair an Rialtas inné nach mbeidh cead ag tithe tábhairne nach gcuireann seirbhís bia ar fáil oscailt arís go dtí 10 Lúnasa seachas Dé Luain seo chugainn mar a bhí beartaithe.

Leave a Reply