Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:04 — 956.4KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y7xysrlc
Government to extend travel restrictions – estimated.
An Rialtas le síneadh ama a chur le srianta taistil – meastar.
It is expected that the Government will extend today to 20th July the current restrictions on international travel due to Covid 19.
Meastar go gcuirfidh an Rialtas síneadh ama inniu go dtí an 20ú Iúil le srianta atá i bhfeidhm faoi láthair ar thaisteal idirnáisiúnta mar gheall ar Covid 19.
The Cabinet is to discuss the matter at a Government meeting.
Tá an chomh-aireacht leis an ábhar a phlé ag cruinniú Rialtais.
Under the current restrictions, anyone arriving at any airport in this country must self-isolate for 14 days.
Faoi na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair, caithfidh aon duine a thagann isteach in aon aerfort sa tír seo féin-aonrú a dhéanamh ar feadh 14 lá.
That restriction was due to be lifted on Thursday but concerns have been expressed that the virus could resurrect if the restrictions were lifted.
Bhíothas le deireadh a chur leis an srian sin Déardaoin ach tá imní léirithe go bhféadfadh an víreas aiséirí má chuirtear deireadh leis na srianta.
The Government has recommended that the restrictions should be left in place at present.
Tá sé molta don Rialtas gur cheart na srianta a fhágáil i bhfeidhm faoi láthair.
It is expected that the cabinet will approve plans to extend travel restrictions at the earliest until July 20th at the earliest.
Meastar go ndéanfaidh an chomh-aireacht pleananna a cheadú chun síneadh ama go dtí an 20ú Iúil ar a luaithe a chur leis na srianta taistil.
It is understood that the council will be reviewed every two weeks thereafter.
Tuigtear go ndéanfar athbhreithniú ar an gcomhairle gach coicís ina dhiaidh sin.
Ministers will also discuss whether public health directives are being breached in pubs and other premises, a week after these businesses reopened to the public.
Beidh plé ar bun ag Airí chomh maith maidir le an bhfuil treoracha maidir le sláinte phoiblí á sárú i dtithe tábhairne agus in áitribh eile, seachtain ó osclaíodh na gnóanna seo arís don bpobal.
This is to be discussed in light of images that surfaced on social media at the weekend and the apparent breach of the public health directives.
Táthar le seo a phlé i bhfianaise íomhánna a tháinig chun cinn ar na meáin shóisialta ag an deireadh seachtaine agus an chosúileacht ar chúrsaí go raibh na treoracha maidir le sláinte phoiblí á sarú.