20260106_IRISH__maduro_ag_pleadail_neamhchiontach_i_sceimhlitheoireacht_drugai



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/27af6noe

Contact: irishlingos@gmail.com

Maduro pleading not guilty to drug terrorism.

Maduro ag pléadáil neamhchiontach i sceimhlitheoireacht drugaí.

In a federal court in New York today, former Venezuelan President Nicolás Maduro pleaded not guilty to four charges against him, including drug trafficking, terrorism and weapons possession.

I gcúirt fheidearálach i Nua-Eabhrac inniu, phléadáil iarUachtarán Veiniséala Nicolás Maduro neamhchiontach i gceithre chúis a cuireadh ina leith, lena n- áirítear sceimhlitheoireacht drugaí agus airm a bheith ina sheilbh aige.

Maduro said he was not guilty, that he was a just man and that he was the president of his country.

Dúirt Maduro nach raibh sé ciontach, gur fear cóir a bhí ann agus gur uachtarán a thíre ab ea é.

Maduro’s wife, Cilia Flores, was in the same court in Manhattan, facing the same charges, and she also pleaded not guilty.

Os comhair na cúirte céanna in Manhattan, agus na cúiseanna céanna curtha ina leith, bhí bean chéile Maduro, Cilia Flores, agus phléadáil sise neamhchiontach chomh maith.

The couple are accused of enriching themselves over 25 years by colluding with international criminals who were shipping illegal drugs to the United States.

Cuirtear i leith na lánúine gur shaibhrigh siad iad féin le 25 bliain trí dhul i bpáirt le coirpigh idirnáisúnta a bhí ag seoladh drugaí mídhleathacha chun na Stát Aontaithe.

Maduro’s lawyer said his client would not apply for bail today but indicated that he had not ruled it out in the future.

Dúirt dlíodóir Maduro nach raibh a chliant chun iarratas ar bhannaí a dhéanamh inniu ach thug le fios nach raibh sé curtha as an áireamh aige san am le teacht.

The hearing lasted about 40 minutes and Maduro had his feet shackled during it.

Mhair an éisteacht tuairim is 40 nóiméad agus bhí geimhle ar a chosa ag Maduro lena linn.

Only certain journalists and members of the public were allowed into the courtroom.

Ní raibh cead isteach i seomra na cúirte ach iriseoirí áirithe agus daoine áirithe ón bpobal.

The case will come before the court again on March 17 but it is not yet clear whether Maduro or his wife will be present that day.

Tiocfaidh an cás os comhair na cúirte arís ar an 17 Márta ach níl sé soiléir fós an mbeidh Maduro nó a bhean chéile i láthair an lá sin.

American military forces abducted the couple from their home in the Venezuelan capital, Caracas, over the weekend and took them to New York aboard a ship.

D’fhuadaigh fórsaí míleata Mheiriceá an lánúin as a dteach cónaithe i bpríomhchathair Veiniséala, Caracas, ar an deireadh seachtaine agus thug go Nua-Eabhrac iad ar bord loinge.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply