Podcast: Play in new window | Download (Duration: 6:01 — 1.4MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2byxxqas
Contact: irishlingos@gmail.com
Electric motorcycles, ammunition taken by Gardaí.
Gluaisrothair leictreacha, armlón tógtha ag Gardaí.
Gardaí seized electric scooters, electric motorbikes, ammunition and various other items when they searched 24 premises in north Dublin yesterday.
Thóg na Gardaí scútair leictreacha, gluaisrothair leictreacha, armlón agus nithe éagsúla eile nuair a chuardaigh siad 24 áitreabh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inné.
Electric scooters and similar light vehicles are often used to deliver drugs on demand from place to place and to quickly escape from the Gardaí.
Baintear leas go minic as scútair leictreacha agus feithiclí éadroma cosúil leo le drugaí a sheachadadh ar éileamh ó áit go háit agus le héalú go mear ó na Gardaí.
Yesterday, Gardaí seized twenty electric scooters, six electric motorbikes, six electric bicycles and a motorcycle which they believe were stolen two months ago. The various vehicles are estimated to be worth between €200 and €10,000.
Inné, thóg na Gardaí fiche scútar leictreach, sé ghluaisrothar leictreacha, sé rothar leictreacha agus gluaisrothar a chreideann siad a goideadh dhá mhí ó shin, Meastar luach idir €200 agus €10,000 a bheith sna feithiclí éagsúla.
In addition, nineteen bullets, €3,410 in cash and designer goods estimated to be worth €9,000 were taken.
Ina cheann sin, tógadh naoi bpiléar déag, €3,410 in airgead tirim agus earraí dearthóra a meastar luach €9,000 a bheith orthu.
Gardaí say they have not yet arrested anyone as part of their investigation.
Deir na Gardaí nach bhfuil aon duine gafa acu mar chuid dá bhfiosrúchán fós.
RTÉ News and Current Affairs The scooters and motorbikes seized by the Gardaí yesterday
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Na scútair agus na gluaisrothair a thóg na Gardaí inné