20241014_IRISH_22_duine_maraithe,_117_leonta_ag_forsai_iosrael_i_mbeiriut



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2yg5as5j

Contact: irishlingos@gmail.com

22 duine maraithe, 117 leonta ag fórsaí Iosrael i mBéiriút.

Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint den ár atá siad a dhéanamh sa Liobáin le trí seachtaine.

Maraíodh 22 duine agus leonadh 117 nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael comharsanacht Shiach i lár na príomhchathrach, Béiriút, tráthnóna inné.

Buamáil thréan a bhí ann ar cheantar dlúthchónaithe lán d’árasáin agus de shiopaí beaga.

Bhí ochtar ó theaghlach amháin lena n-áirítear triúr leanaí i measc na marbh.

Tuairiscítear nach raibh an teaghlach ach tar éis teitheadh roimh bhuamáil na nIosraelach i ndeisceart na Liobáine.

Tá lucht tarrthála fós ag cíorláil sa smionagar le súil go dtiocfaidh siad ar dhaoine atá fós ina mbeatha ach tuairiscítear go bhfuil an áit plúchta ag dúthoit tiubh ó stáisiún peitril a bhuamáil na hIosraelaigh.

Is cosúil go raibh súil ag na hIosraelaigh ball sinsearach de Hezbollah a mharú san ionsaí ach deirtear gur tháinig sé slán.

Tuairiscítear freisin gur scaoil fórsaí Iosrael le hionad de chuid na Náisiún Aontaithe i ndeisceart na Liobáine den dara lá as a chéile agus gur gortaíodh beirt mar gheall ar an ionsaí.

Deirtear chomh maith go ndeachaigh saighdiúirí Iosraelacha isteach in ionad eile leis na Náisiúin Aontaithe sa cheantar.

Mar le Gaza, maítear i dtuarascáil nua ó na Náisiúin Aontaithe go bhfuil córas sláinte na hiamhchríche Palaistíní á scríosadh in aon turas ag na hIosraelaigh.

Tugtar le fios sa tuarascáil freisin go bhfuil coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta á ndéanamh ag na hIosraelaigh in Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Ceantar cónaithe i lár Bhéiriút scriosta ag fórsaí Iosrael

Leave a Reply