Podcast: Play in new window | Download (Duration: 11:30 — 2.6MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ys9ez5e9
Contact: irishlingos@gmail.com
Israel’s renewed fighting in Gaza.
An trodaíocht atosaithe ag Iosrael i nGaza.
Israel announced this morning that it is resuming hostilities in Gaza, and carried out several airstrikes on the enclave after accusing Hamas of firing bullets into Israel while a ceasefire was in effect.
D’fhógair Iosrael ar maidin go bhfuil sí ag dul i mbun na cogaíochta arís i nGaza, agus rinne roinnt aer-ruathair ar an iamhchríoch tar éis a chur i leith Hamas gur scaoil siad urchair i dtreo Iosrael fad a bhí sos comhraic i bhfeidhm.
The Israeli army, and IDF, say that military jets were carrying out attacks on ‘Hamas terrorist’ centers in Gaza.
Deir arm Iosrael, and IDF, go raibh scairdeitleáin míleata i mbun ionsaithe ar ar ionaid ‘sceimhlitheoireachta Hamas’ i nGaza.
Gaza’s health ministry confirmed that three people were killed in Rafah, where many Palestinians fled after an Israeli order to leave the north of the territory.
Dheimhnigh aireacht sláinte Gaza gur maraíodh triúr i Rafah, áit ar theith go leor Pailistíneach chuige tar éis ordú ó Iosrael tuaisceart na críche a fhágáil.
Hamas militias are understood to have been ordered to resume fighting, and are reported to be fighting heavily in several areas of Gaza city.
Tuigtear gur tugadh ordú do mhílistigh Hamas dul i mbun na trodaíochta arís, agus tuaisicítear é bheith ag go tréan i roinnt ceantar i gcathair Gaza.
There is now little hope of any further extension to the seven-day pause that saw hostages exchanged and bailouts arrive in Gaza.
Is beag dóchas atá anois ann go gcuirfear síneadh ar bith eile leis an sos seacht lá a chonaic gialla á malartú agus fóirithint ag teacht i nGaza.
The American Secretary of State Anthony Blinken, who was in the region yesterday, had requested an extension of the cease-fire yesterday, and he also warned about protecting civilians in Palestine from further fighting.
Bhí síneadh leis an sos comhraic iarrtha inné ag Stát-Rúnaí Mheiriceá Anthony Blinken a bhí sa réigiún inné, agus chuir sé fainic freisin faoi shibhialtaigh sa Phailistin a chosaint óna thuilleadh trodaíochta.
Blinken said that Israel must clearly assign areas in central and southern Gaza where civilians can find shelter from the fighting.
Dúirt Blinken go gcaithfeadh Iosrael limisitéir i lár agus i ndeisceart Ghaza a shannadh go ríshoiléir mar ar féidir le sibhialtaigh foscadh a fháíl on gcogaíocht.
Those 7 days were the only break in the fighting since October 7 when Hamas broke through the Israeli border.
Ba iad na 7 lá sin an t-aon bhriseadh a bhí sa chogaíocht ón 7 Deireadh Fómhair nuair a bhris Hamas thar teorainn Iosrael isteach.
Israel says Hamas killed 1,200 people in the attack, most of them civilians, and kidnapped about 240 In response to the attack, Israel vowed to eliminate Hamas and launched a ground and air military campaign against Gaza.
Deir Iosrael gur mharaigh Hamas 1,200 duine san ionsaí, sibhialtaigh a bhformhór, agus d’fhuadaigh tuairim is 240 Mar fhreagra ar an ionsaí, gheall Iosrael go gcuirfí deireadh le Hamas agus chuaigh i mbun fheachtas mhíleata talún agus aeir in aghaigh Gaza.
The Hamas government says over 15,000 people have been killed, and the enclave’s infrastructure has been destroyed.
Deir rialtas Hamas go bhfuil os cionn 15,000 duine maraithe, agus rinneadh scrios ar infrastruchtúr na hiamhchríche.
A hostage exchange took place during the ceasefire, 80 Israeli hostages against 240 Palestinian hostages.
Rinneadh malartú giall i rith an tsosa comhraic, 80 giall Iosraelach in aghaidh 240 giall Pailistíneach.