20231103_IRISH_sineadh_ama_curtha_le_sceimeanna_tacaiochta_tuilte



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yn5k6x65

Contact: irishlingos@gmail.com

Time extension added to flood support schemes.

Síneadh ama curtha le scéimeanna tacaíochta tuilte.

The Government has extended the time for two support schemes established last month for businessmen and community organizations whose homes were severely damaged by floods.

Tá síneadh ama curtha ag an Rialtas le dhá scéim tacaíochta a bunaíodh an mhí seo caite ar son lucht gnó agus eagraíochtaí pobail a ndearna tuilte damáiste mór dá n-áitribh.

In a virtual meeting this morning, the Cabinet decided to keep both schemes open until next Sunday.

I gcruinniú fíorúil ar maidin inniu, shocraigh an Chomhaireacht ar an dá scéim a choinneáil oscailte go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn.

According to the first scheme, €5,000 can be claimed on the first occasion followed by an inspection payment of €20,000.

De réir na chéad scéime, is féidir €5,000 a éileamh ar an gcéad ásc agus íocaíocht iniúchta €20,000 ina dhiaidh sin.

According to the second scheme, which relates to the most urgent cases, a payment of €10,000 can be claimed immediately followed by an audit payment of €100,000.

De réir an dara scéim, a bhaineann leis na cásanna is práinní, is féidir íocaíocht €10,000 a éileamh láithreach agus íocaíocht iniúchta €100,000 ina dhiaidh sin.

It is estimated that around 190 businesses and organizations will benefit from the schemes which were proposed to be extended by Enterprise Minister Simon Coveney.

Meastar go mbainfidh thart ar 190 gnóthas agus eagraíocht sochar as na scéimeanna arbh é an tAire Fiontar Simon Coveney a mhol síneadh ama a chur leo.

The Department of Enterprise and the Irish Red Cross Society are responsible for administering the schemes.

Is iad an Roinn Fiontar agus Cumann Croise Deirge na hÉireann atá freagrach as na scéimeanna a riar.

Corran Abbey in east Cork is one of the places most damaged by last month’s deluge of rain.

Tá Mainistir na Corann in oirthear Chorcaí ar cheann de na háiteanna is mó a ndearna an díle bháistí a bhí ann an mhí seo caite damáiste dóibh.

There was a month’s sale in the rain that fell in torrents in twenty-four hours then two weeks ago.

Bhí díol míosa sa bháisteach a thit ina tulcaí in imeacht ceithre huaire fichead ansin coicís ó shin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply