Podcast: Play in new window | Download (Duration: 8:41 — 2.0MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2lnnlctd
Contact: irishlingos@gmail.com
Irishman killed in action in Ukraine.
Éireannach maraithe le linn trodaíochta san Úcráin.
The family of Rory Mason from Dunboyne in County Meath have confirmed that he was killed while fighting in the Ukraine.
Tá sé deimhnithe ag teaghlach Rory Mason ó Dhún Búinne i gContae na Mí gur maraíodh é le linn trodaíochta san Úcráin.
He was 23 years old.
Bhí sé 23 bliain d’aois.
Rory Mason was fighting in the International Legion for Ukraine as part of the Ukrainian Armed Forces.
Bhí Rory Mason ag troid sa Leigiúin Idirnáisiúnta ar son na hÚcráine mar chuid do Fhorsaí Armtha na hÚcráine.
It was located in the Kharkiv area close to the Russian border.
Bhí sé lonnaithe i gceantar Kharkiv cóngarach do theorainn na Rúise.
Rory Mason left to fight in Ukraine last March.
D’imigh Rory Mason chun dul i mbun catha leis an Úcráin i Mí an Mhárta seo caite.
Rory was killed in action for the Ukraine on the 28th of September.
Maraíodh Rory agus é i mbun catha ar son na hÚcráine ar an 28ú do Mheán Fómhair.
The Department of Foreign Affairs has informed Rory Mason’s family and is providing consular assistance to the family.
Chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha teaghlach Rory Mason ar an eolas agus tá cúnamh consalach á chur ar fáil don teaghlach.
A spokesman for the family said they were heartbroken and that Rory’s parents, Rob and Elizabeth, his 22-year-old brother and 21-year-old sister Rory will be greatly missed.
Dúirt urlabhraí ar son an teaghlaigh go raibh siad croíbhriste agus go mbraithfidh tuismitheoirí Rory, Rob agus Elizabeth, a dheartháir atá 22 bliain d’aois agus a dheirfiúr atá 21 bliain d’aois Rory uathu go mór.
Rory’s father said he was a determined young man.
Dúirt athair Rory gur fear óg dionghbháilte a bhí ann.
He said that they are very sad but they are very proud of Rory’s bravery and dedication for putting himself forward to help the situation in Ukraine.
Dúirt sé go bhfuil siad go mór faoi bhrón ach go bhfuil siad ana bhrodúil as crógacht agus dúthracht Rory as é fhéin a chur chun tosaigh chun cabhrú le cás na hÚcráine.
Before the war, Rory Mason was working in Germany.
Roimh an cogadh, bhí Rory Mason ag obair sa Ghearmáin.
He also attended the National School in Dunboyne and St Peter’s College in Dunboyne.
D’fhreastal sé ar an scoil Náisiúnta i nDún Búinne agus ar Choláiste Naomh Peadar i nDún Búinne chomh maith.
Rory Mason from County Meath, who was killed while fighting in Ukraine
Rory Mason ó Chontae na Mí, a maraíodh le linn trodaíochta san Úcráin