20220507_IRISH_tragoid_mara:_rialachain_sabhailteachta_uisce_easnamhach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yx955ynj
Contact: irishlingos@gmail.com

Marine tragedy: “deficient water safety regulations”.

Tragóid mara: “rialacháin sábháilteachta uisce easnamhach”.

Northwest Reporter A coroner’s committee in Co Donegal today ruled that the safety regulations in place in this country are inadequate for small boats.

Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tugadh le fios ag coiste cróinéara i gCo Dhún na Gall inniu nach leor ar chor ar bith na rialacháin sábháilteachta atá i bhfeidhm sa tír seo do bhádaí beaga.

The coroner’s committee is investigating the circumstances in which two men – a stoic and an adult – drowned off the coast of Donegal in 2018.

Tá na cúinsí inar báthadh beirt fhear – stócach agus duine fásta – amach ó chósta Dhún na nGall in 2018 á bhfiosrú ag an gcoiste cróinéara.

At today ‘s hearing, a representative of the Irish Coast Guard said that they did not have enough information to set up a full rescue operation on the day of the tragedy.

Ag an éisteacht inniu, dúirt ionadaí ó Gharda Cósta na hÉireann nach raibh go leor eolais ar fáil dóibh le hoibríocht iomlán tarrthála a chur ar bun lá na tragóide.

A representative from Irish Water Safety said sea disasters were less likely to occur if many of the existing regulations had the force of law.

Dúirt ionadaí ó Shábháilteacht Uisce na hÉireann gur lú an seans go dtarlódh tubaistí farraige dá mbeadh feidhm dlí le cuid mhaith de na rialacháin atá ann cheana féin.

Sixteen-year-old Thomas Weir, from Scotland, and Gerry Doherty, 63, from Byre in Co Donegal, were drowned on 17 July 2018 when their small boat sank off Malin Head.

Ar an 17 Iúil 2018 a báthadh Thomas Weir, sé bliana déag d’aois, as Albain, agus Gerry Doherty, 63 bliain, as an Bheart i gCo Dhún na nGall, nuair a chuaigh a mbád beag síos amach ó Chionn Mhálanna.

Another boat rescued another man, Dessie Keenan, after being in the water for more than five hours.

Thug bád eile tarrtháil ar fhear eile, Dessie Keenan, i ndiaidh dósan a bheith san uisce ar feadh breis agus cúig huaire an chloig.

He confirmed today that he had called the emergency services by a telephone registered in the North shortly after 10 o’clock that morning.

Dhearbhaigh seisean inniu gur chuir sé scairt ar na seirbhísí éigeandála le guthán a bhí cláraithe sa Tuaisceart go gairid i ndiaidh 10 a chlog an mhaidin sin.

He said he remembers saying on the phone that the boat was located off Malin Head and that it was sinking, but he did not finish the shout.

Dúirt sé gur chuimhin leis a rá ar an bhfón go raibh an bád suite amach ó Chionn Mhálanna agus go raibh sí ag dul faoi uisce, ach nár éirigh leis an scairt a chríochnú.

Malin Head Coast Guard manager Derek Flanagan at the time said the worker on duty that morning, Seán Diver, did not know enough about the veracity of the emergency call which lasted only 27 seconds and did not know where the boat was. because of that.

Dúirt bainisteoir Gharda Cósta Chionn Mhálanna ag an am Derek Flanagan nach raibh go leor eolais ag an oibrí a bhí ar dualgas an mhaidin sin, Seán Diver, faoi fhírinneacht na scairte éigeandála nár mhair ach 27 soicind agus nach raibh a fhios acu cá raibh an bád dá bharr sin.

All they knew was the communication mast in Donegal to which the call was made, he said.

Ní raibh ar eolas acu ach an crann cumarsáide i nDún na nGall ar bhain an scairt leis, a dúirt sé.

He admitted that Sean Diver had no knowledge of the Playback system on which messages could be listened to.

D’admhaigh sé nach raibh aon eolas ag Seán Diver faoin chóras Playback ar féidir éisteacht siar le teachtaireachtaí air.

If the call came today, he said, Playback would be used and all Coast Guard resources would be made available for the rescue.

Dá dtigeadh an scairt inniu, a dúirt sé, bhainfí leas as Playback agus chuirfí acmhainní uilig an Gharda Cósta ar fáil don tarrtháil.

Derek Flanagan also pointed out that the new HOTLINE number distributed by the Emergency Call Answering Service in 2017 was not given enough importance.

Thug Derek Flanagan le fios fosta nach raibh go leor tábhachta tugtha d’uimhir úr HOTLINE a scaip an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála in 2017.

According to Roger Sweeney of Irish Water Safety it should be a legal obligation to wear a life jacket.

Dar le Roger Sweeney ó Shábháilteacht Uisce na hÉireann gur cheart go mbeadh sé ina oibleagáid dhlíthíúil seaicéad tarrthála a chaitheamh.

He also said that a mobile phone is not enough as a means of communication on any boat.

Dúirt sé fosta nach leor guthán póca mar mhodh cumarsáide ar bhád ar bith.

The jury agreed that this last recommendation should be accepted; that a code of practice and safety for pleasure boats should be renewed; and that the Government should be called upon to prescribe mandatory training for all persons in charge of such boats.

D’aontaigh an giúiré gur cheart glacadh leis an moladh deireanach seo; gur cheart cód cleachtais agus sábháilteachta do bhádaí pléisiúir a athnuachan; agus gur cheart iarraidh ar an Rialtas traenáil éigeantach a ordú do gach duine atá i gceannas ar bhádaí den chinéal seo.

Both drowned off Malin Head pier

Amach ó ché Chionn Mhálanna a báthadh an bheirt

Leave a Reply