Podcast: Play in new window | Download (Duration: 6:25 — 1.5MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ybmuxgdq
Contact: irishlingos@gmail.com
Anti-war protest in Russia.
Agóid frith-chogaidh ar bun sa Rúis.
One of the news programs on the Russian television station, ‘TV ChannelOne’, was interrupted by a protest by anti – war activists in Ukraine.
Cuireadh isteach ar cheann de na cláracha nuachta ar an stáisiún teilifíse Rúiseach,’TV ChannelOne’ a bhuíochas d’agóid a bhí ar bun ag dream atá in aghaidh na cogaíochta san Úcráin.
A sign they had hung up and written in English and Russian said that such a war should not take place, that it should be stopped.
Dúradh ar chomhartha a bhí crochta in airde acu agus scríofa i mBéarla agus i Rúisis nár cheart a léithid de chogadh a bheith ann,gur cheart é a stopadh.
The Russian public has also been told not to give in to what they say is Russian ‘propaganda’.
Iarradh freisin ar phobal na Rúise gan géilleadh do ‘bholscaireacht’ na Rúise mar a deir siad.
Protesters said the Kremlin government was clearly ‘telling lies to the public’ about this war.
Dúirt an lucht agóide gur léir go bhfuil an Rialtas sa Kremlin ‘ag insint bhréaga don phobal’ maidir leis an chogadh seo.
This afternoon, the Prime Minister of Russia signed a decree on any export of white and crude sugar from now until 31 August.
Tráthnóna inniu, shínigh Príomh-Aire na Rúise foraithne ar aon easportáil de shiúcra bán agus amh-shiúcra as seo go dtí an 31ú Lúnasa.
Russia will also not sell the said wheat, rye, barley or maize to states in the Eurasian Economic Union.
Ní dhíolfaidh an Rúis ach oiread a dúradh aon chruithneacht,seagal,eorna ná grán buí le stáit atá in Aontas Eacnamíochta na hEoráise.
That ban will remain in effect until the said June 30th.
Fanfaidh an cosc sin i bhfeidhm a dúradh go dtí an 30Meitheamh.