20211213_IRISH_fear_a_cheistiu_faoi_dhunmharu_edward_fullerton



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y5a2nf5u

Man questioned over Edward Fullerton murder.

Fear á cheistiú faoi dhúnmharú Edward Fullerton.

Gardaí are still questioning a 56-year-old man in connection with the murder of Edward Fullerton in County Donegal over 30 years ago.

Tá fear 56 bliain d’aois fós á cheistiú ag na gardaí i dtaca le dúnmharú Edward Fullerton i gContae Dhún na nGall breis is 30 bliain ó shin.

The man was arrested this morning in Magh in the county and taken to Letterkenny police station.

Gabhadh an fear ar maidin inniu i Magh sa chontae agus tugadh é chomh fada le stáisiún na ngardaí i Leitir Ceanainn.

He was making his way to church at the time.

Bhí sé ag déanamh a bhealach chuig an séipéal ag an am.

Edward Fullerton, a Sinn Féin councilor, was shot dead at his home in Buncrana early on the morning of 25 May 1991.

Lámhachadh Edward Fullerton,comhairleoir le Sinn Féin ag a theach cónaithe i mBun Cranncha go moch ar maidin ar an 25 Bealtaine 1991.

The assassination was carried out by loyal US paramilitaries.

B’iad paramíleataigh dhílseacha an UDA a ghlac freagracht as an dúnmharú.

The man arrested is being held under Section 30 of the Offenses Against the State Act.

Tá an fear atá gafa á choinneáil faoi Alt a 30 d’Acht um Chionta in aghaidh an Stáit.

It can be questioned for 3 days.

Is féidir é a cheistiú ar feadh 3 lá.

Edward Fullerton had six children.

Bhí seisear clainne ar Edward Fullerton.

His family has long called for an independent inquiry into this killings over allegations of collusion between the murderers and former members of the RUC police.

Tá a mhuintir le fada ag iarraidh go mbunófaí fiosrúchán neamhspleách faoin marú seo de bharr na líomhaintí go raibh claonpháirtíocht idir bun idir na dúnmharfóirí agus baill de phóilíní an RUC mar a bhí.

This is the first person arrested this side of the border for the murder.

Seo an chéad duine atá gafa an taobh seo den teorainn mar gheall ar an dúnmharú.

Leave a Reply