Podcast: Play in new window | Download (Duration: 7:31 — 1.7MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y2at6bu2
Financial support schemes extended.
Síneadh curtha le scéimeanna tacaíochta airgeadais.
The Government has confirmed that the Employment Wage Subsidy Scheme will not be cut as planned in light of the implementation of the new Covid-19 restrictions.
Tá sé deimnithe ag an Rialtas nach gciorrófar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta mar a bhí beartaithe i bhfianaise srianta nua covid 19 a bheith curtha i bhfeidhm.
Finance Minister Paschal Donohoe has indicated that the current payment rates will continue for a further two months to help the entertainment sector in particular.
Thug an tAire Airgeadais Paschal Donohoe le fios go leanfar de na rátaí íocaíochta atá ann faoi láthair ar feadh dhá mhí breise chun teacht i gcabhair ar an earnáil siamsaíochta go háirithe.
From 1 February 2022, he said, there will be two rates, namely, € 203 per week and € 151.50 per week.
Ón 1 Feabhra 2022, a dúirt sé, beidh dhá ráta i gceist, mar atá, €203 sa tseachtain agus €151.50 sa tseachtain.
From the beginning of March to the end of April, it will be € 100 a week.
Ó thús an Mhárta go deireadh an Aibreáin, is €100 sa tseachtain a bheas i gceist.
The scheme will end on 30 April.
Scoirfear den scéim ar an 30 Aibreán.
The Covid Restriction Support Scheme is also being extended to assist nightclubs in particular.
Tá síneadh á chur chomh maith leis an Scéim Tacaíochta Srianta Covid le cuidiú le clubanna oíche go háirithe.
Under the latest restrictions, nightclubs will not reopen until the second week of January.
De réir na srianta is deireanaí, ní osclófar clubanna oíche arís go dtí an dara seachtain den mhí Eanáir.
Minister for Public Expenditure Michael McGrath has announced that the commercial rate waiver will also be extended – until the end of March.
Chuir an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath in iúl go gcuirfear síneadh freisin – go dtí deireadh an Mhárta – leis an tarscaoileadh ar rátaí tráchtála.
Minister McGrath said that since the beginning of the pandemic, the Government has provided over € 20 billion in financial supports.
Dúirt an tAire McGrath go bhfuil os cionn €20 billiún i dtacaíochtaí airgeadais curtha ar fáil ag an Rialtas ó thús na paindéime.