Podcast: Play in new window | Download (Duration: 11:28 — 2.6MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y5okbtpa
Government announces National Economic Plan.
Plean Náisiúnta Eacnamaíochta fógartha ag an Rialtas.
Taoiseach Micheál Martin said the Covid-19 pandemic has done a lot of damage that needs to be rectified.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil go leor dochair déanta ag an bpaindéim covid 19 a chaithfear a chur ina cheart.
Launching the Government’s National Economic Plan, he argued that no other crisis had ever had such a profound effect on the country outside of the great world wars of the last century.
Agus Plean Náisiúnta Eacnamaíochta an Rialtais á sheoladh aige, mhaígh sé nach raibh éifeacht chomh mór seo riamh ag aon ghéarchéim eile ar an tír taobh amuigh de na cogaí móra domhanda an céad seo caite.
We need to make progress now, he said, in creating employment and tackling urgent societal issues.
Caithfear dul chun cinn anois, a dúirt sé, fostaíocht a chruthú agus dul i ngleic le ceisteanna práinneacha sochaíocha.
The Taoiseach said that “over € 3.5 billion in expenditure supports” and “just under € 1 billion” from the European Union ‘s rehabilitation fund have been included in the National Economic Plan.
Dúirt an Taoiseach go bhfuil “os cionn €3.5 billiún i dtacaíochtaí caiteachais” agus “beagán níos lú ná €1 bhilliún” ó chiste athshlánaithe an Aontais Eorpach curtha san áireamh sa Phlean Náisiúnta Eacnamaíochta.
He hopes this funding will boost employment, he said.
Tá súil aige go gcuirfidh an maoiniú seo bíogadh i gcúrsaí fostaíochta, a dúirt sé.
The Taoiseach confirmed that the Pandemic Unemployment Payment will continue to be issued but will begin to be phased out from September.
Dheimhnigh an Taoiseach go leanfar den Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a thabhairt amach go fóill ach go dtosófar á laghdú de réir a chéile ó mhí Mheán Fómhair.
He also announced that homeowners built since 2013 will now have to pay property tax.
D’fhógair sé chomh maith go mbeidh ar úinéirí tithe a tógadh ón mbliain 2013 cáin mhaoine a íoc feasta.
In terms of business, Micheál Martin indicated that commercial supports will be extended until the end of the year and that businesses will be allowed to apply for enhanced reopening payments.
I dtaca le cúrsaí gnó de, thug Micheál Martin le fios go gcuirfear síneadh go dtí deireadh na bliana le tacaíochtaí tráchtála agus go mbeidh cead ag gnóthais cur isteach ar íocaíochtaí feabhsaithe athoscailte.
The number of businesses allowed to apply for these payments is set to increase, he said.
Tá líon na ngnóthas a bhfuil cead acu cur isteach ar na híocaíochtaí seo le méadú, a dúirt sé.
The commercial rate exemption for business will also be extended by three months and the special rate of Value Added Tax for the hospitality sector will continue until September 2022.
Cuirfear síneadh trí mhí freisin leis an díolúine a tugadh do lucht gnó maidir le rátaí tráchtála agus leanfar den ráta speisialta Cháin Bhreisluacha don earnáil fáilteachais go dtí Meán Fómhair 2022.
There are also a number of supports for artists, especially performing artists.
Tá roinnt tacaíochtaí le cur ar fáil freisin d’ealaíontóirí, go háirithe dó lucht taibhealaíon.
Sinn Féin housing spokesman Eoin Ó Broin criticized the Government’s decision to extend the property tax.
Cháin urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin cinneadh an Rialtais an cháin mhaoine a leathnú.
He said the property tax is not progressive or fair as a policy and should be abolished altogether.
Dúirt sé nach bhfuil an cháin mhaoine forásach ná cothrom mar pholasaí agus gur cheart fáil réidh leis go hiomlán.