20210509_IRISH__hurling



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yg2k2gc8

It’s not just the players who have a fire on their skin while getting started.

Ní hiad na himreoirí amháin a bhfuil tine ar a gcraiceann agus tús á chur leis.

In the past the different counties have taken a different view of the importance of league games. This weekend the hurling league is starting and teams are on the verge of starting to play again.

San am a caitheadh bhíodh dearcadh difriúil ag na contaetha éagsúla ar thábhacht na gcluichí sraithe An deireadh seachtaine seo tá tús á chur leis an tsraith iomána agus foirne ar bior le tosú ag imirt arís.

Undoubtedly they are all at a disadvantage and only have a short period of three weeks together to get ready for the action.

Gan dabht tá siad go léir faoi mhíbhuntáiste agus gan ach tréimhse ghairid trí seachtaine acu le chéile chun fáil réidh don aicsean.

There is no doubt that all the players came back to the coaching and scope.

Níl aon dabht ach gur tháinig na himreoirí go léir ar ais chuig an traenáil agus scóip orthu.

What they really lacked when training alone was the physical contact.

An rud mór a bhí in easnamh orthu agus iad ag traenáil ina n-aonar ná an teagmháil fhisicúil.

It will take them a while to get into that.

Tógfaidh sé tamall orthu fáil isteach air sin.

There must also be more injuries as they concentrate on contact and only have a few weeks together before the weekend games.

Caithfidh go mbeidh níos mó gortuithe ann freisin agus iad ag díriú isteach ar an teagmháil agus gan ach cúpla seachtain le chéile acu roimh chluichí na deireadh seachtaine.

But that’s life and Covid-19 is still among us.

Ach sin an saol agus covid 19 fós inár measc.

The positives of this year ‘s season include the fact that there was little pre – season training compared to all other seasons and the news that there were no pre – league or Gibbons competitions.

I measc na rudaí dearfacha a bhaineann leis an séasúr i mbliana tá an scéala nach raibh ach beagán traenáil réamhshéasúir i gceist i gcomparáid le gach séasúr eile agus an scéala nach raibh aon chomórtais réamhshraithe nó comórtas Mhic Ghiobúin ann.

For years now many players have been trying to meet two beaches in bad weather and terrible pitches.

Le blianta anois bhí cuid mhaith imreoirí ag iarraidh dhá thrá a fhreastal i ndrochaimsir agus ar pháirceanna uafásacha.

There were too many games and that was very hard on them.

Bhíodh an iomarca cluichí ann agus bhí sé sin an-dian orthu.

Challenge games are allowed from next week and the championship will quickly follow in the heels of the series.

Tá cluichí dúshláin ceadaithe ón tseachtain seo chugainn agus tiocfaidh an chraobh go tapaidh sna sála ar an tsraith.

The league games will be a lot of important.

Beidh a lán tábhachta leis na cluichí sraithe.

In the past, different counties have taken a different view of the importance of league games.

San am a caitheadh bhíodh dearcadh difriúil ag na contaetha éagsúla ar thábhacht na gcluichí sraithe.

Many counties used the games in preparation for the championship.

D’úsáid chuid maith contaetha na cluichí mar ullmhúchán don chraobh.

The counties that qualified for the league premiership used it as a yardstick.

D’úsáid na contaetha a cháiligh do phríomhroinn na sraithe mar shlat tomhais í.

Brian Cody often says he wants to win the series every year.

Is minic Brian Cody ag rá go mbíonn dúil aige an tsraith a bhuachan gach bliain.

John Kiely of Limerick seems to have the same attitude at the moment when he says that the goal is for Limerick to win every game in every competition.

Is cosúil go bhfuil an meon céanna ag John Kiely Luimnigh faoi láthair agus é ráite aige gurb é an sprioc ná go mbuafadh Luimneach gach cluiche i ngach comórtas.

That said, a league base is not often used as evidence of a successful hurling career.

É sin go léir ráite ní minic a úsáidtear bonn sraithe mar fhianaise ar shaol rathúil iomána.

There was a period when a player or two got a place on the All Stars team based on performances in the league tournament.

Bhí tréimhse ann nuair a fuair imreoir nó dhó áit ar fhoireann na All Stars bunaithe ar thaispeántais sa chomórtas sraithe.

Sadly that rarely happens at the moment.

Faraor is annamh a tharlaíonn sé sin i láthair na huaire.

As a selector and later as a manager of the Cork hurlers, we never talked about winning a league competition when discussing the main goals.

Nuair a bhíos mar roghnóir agus ina dhiaidh sin mar bhainisteoir ar iománaithe Chorcaí, níor labhraíomar riamh faoin chomórtas sraithe a bhuachan nuair a bhíodh na príomhspriocanna á bplé againn.

We always used the league games as an opportunity to test things out for the championship.

D’úsáideamar na cluichí sraithe i gcónaí mar dheis rudaí a thástáil don chraobhchomórtas.

On the other hand when I was working with Limerick we wanted to win every game to get out of the devil Division Two.

Ar an taobh eile de nuair a bhíos ag obair le Luimneach bhí dúil againn gach cluiche a bhuachan chun fáil amach as an diabhal Roinn a Dó.

There will also be another aspect to this weekend ‘s series story with the introduction of the penalty loca for the first time, which will put pressure on referees and players.

Beidh gné eile ag baint le scéal shraith na bliana seo an deireadh seachtaine seo freisin agus an loca pionóis le tabhairt isteach den chéad uair, rud a chuirfidh brú ar réiteoirí agus imreoirí.

Sections 1 and 2 will begin this weekend and end on the weekend of 12/13 June.

Cuirfear tús le Roinn 1 agus Roinn 2 an deireadh seachtaine seo agus críochnófar iad deireadh seachtaine an 12/13 Meitheamh.

Then there will be one free weekend before the championship games.

Ansin beidh deireadh seachtaine amháin saor ann roimh na cluichí craoibhe.

From a television standpoint we will be going from famine to party this weekend with six games being shown.

Ó thaobh na teilifíse de beimid ag dul ó ghorta go cóisir an deireadh seachtaine seo agus sé chluiche á dtaispeáint.

They are all important but I was concentrating on Páirc na nGael in Limerick at half past five in the evening.

Tá tábhacht ag baint leo ar fad ach bheinnse ag díriú ar Pháirc na nGael i Luimneach ar leathuair tar éis a cúig um thráthnóna.

The home team, league champions and Ireland, will be there to watch the old foe from Tipperary.

Is ann a bheidh an fhoireann baile, seaimpíní na sraithe agus na hÉireann, á fhéachaint leis an tsean-namhaid as Tiobraid Árann.

The players are not the only ones with fire on their skin.

Ní hiad na himreoirí amháin a bhfuil tine ar a gcraiceann.

With the help of

Le cabhair ó

Leave a Reply