20210308_IRISH_tearmai_priosuin_gearrtha_ar_chol_ceathracha_as_bus_a_fhuadach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y8rqarhy

Prison terms imposed on cousins for bus kidnapping.

Téarmaí príosúin gearrtha ar chol ceathracha as bus a fhuadach.

Two cousins have been jailed for kidnapping a bus at Dublin Airport on 8 January 2020.

Tá téarmaí príosúin gearrtha ar bheirt chol ceathracha as bus a fhuadach ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ar 8 Eanáir 2020.

Stephen McDonagh, 26, and John McDonagh, 27, were sentenced to five years.

Gearradh cúig bliana ar Stephen McDonagh, atá 26 bliain daois, agus ceithre bliana ar John McDonagh, atá 27 bliain daois.

Both have an address at Spiers, Navan, Co Meath.

Tá seoladh ag an mbeirt acu ag na Spuaiceanna, an Uaimh, Co na Mí.

Stephen McDonagh is currently in custody at Cloverhill Prison and John McDonagh is in Mountjoy Prison, but both were before Cavan Circuit Court today on video link.

Tá Stephen McDonagh faoi choinneáil faoi láthair i bPríosún Chnoc Seimre agus tá John McDonagh i bPríosún Mhuinseo, ach bhí an bheirt acu os comhair Chúirt Chuarda an Chabháin inniu ar nasc físe.

The two men were arrested after kidnapping a bus at the Carlton Hotel, close to Dublin Airport.

Gabhadh an bheirt fhear tar éis dóibh bus a fhuadach ag Ostán Carlton, cóngarach dAerfort Bhaile Átha Cliath.

There were three on board at the time; Colombian living in Germany and two teenagers from England.

Bhí triúr ar bord ag an am; Colómach go bhfuil conaí air sa nGearmáin agus beirt déagóirí ó Shasana.

Stephen and John McDonagh stole the bus after finding the keys in the ignition and started driving on the M1, towards Belfast.

Ghoid Stephen agus John McDonagh an bus tar éis dóibh na heochracha a aimsiú san adhaint agus thosaigh siad ag tiomáint ar an M1, i dtreo Bhéal Feirste.

They pleaded guilty to the charges against them.

Phléadáil siad ciontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith.

Evidence was given that the incident lasted thirty minutes.

Tugadh fianaise gur mhair an eachtra tríocha noiméad.

The passengers said the men were behaving like rapists.

Dúirt na paisinéirí go raibh na fir á n-iompar iad féin mar a bheadh ropairí iontu.

Leave a Reply