20210204_Bean a ionsaíodh i mBaile Átha Cliath tar éis bháis.



Original Podcast with clickable words

Woman assaulted in Dublin after death.

Bean a ionsaíodh i mBaile Átha Cliath tar éis bháis.

A 49-year-old woman who was brutally assaulted in Dublin city center two weeks ago has died in hospital.

Tá bean 49 bliain daois a ndearnadh ionsaí brúidiúil uirthi i lár chathair Bhaile Átha Cliath coicís ó shin tar éis bháis san ospidéal.

Urantetseg Tserendorj, a native of Mongolia, was attacked while walking in the Irish Financial Services Center area at around 9.30pm on Wednesday 20 January.

Ionsaíodh Urantsetseg Tserendorj, arbh as an Mongóil ó dhúchas í, agus í ag siúl i gceantar Lárionad Seirbhísí Airgeadais na hÉireann ag thart ar 9.30 oíche Dé Céadaoin 20 Eanáir.

She was taken to the Mater Hospital, where she died this morning.

Tugadh í go hOspidéal an Mater, mar ar bhásaigh sí ar maidin.

Urantsetseg Tserendorj lived in Dublin for a number of years, where she worked as a cleaner.

Bhí Urantsetseg Tserendorj ina cónaí i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta, áit a raibh sí ag obair mar ghlantóir.

She had two children.

Bhí beirt pháistí aici.

The Gardaí say they will decide on the nature of the inquiry they will set up when they receive the result of the post-mortem examination.

Deir na Gardaí go ndéanfaidh siad cinneadh faoi chineál an fhiosrúcháin a bhunós siad nuair a gheobhas siad toradh an scrúdaithe iarbháis.

A fourteen-year-old juvenile has already been brought before a court in connection with the assault.

Tugadh ógánach ceithre bliana déag os comhair cúirte cheana féin maidir leis an ionsaí.

He was remanded in custody at Oberstown Detention Center and ordered by the judge to undergo a psychiatric assessment.

Cuireadh siar faoi choinneail é in Ionad Coinneála Bhaile an Oibricigh agus dordaigh an breitheamh measúnú síciatrach a dhéanamh air.

Leave a Reply