20210116_IRISH_02_13



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6ms6mxg

Employees allowed to apply to work remotely.

Cead le bheith ag fostaithe iarratas a dhéanamh obair ó chian.

The Government is to introduce new legislation that will allow employees to apply to work from a distance or from home.

Tá an Rialtas le reachtaíocht nua a thabhairt isteach a thabharfaidh cead do fhostaithe iarratas a dhéanamh obair ó chian nó ón mbaile.

The plan is part of the Government’s National Teleworking Strategy.

Tá an plean mar chuid de Stráitéis Náisiúnta Cianoibre an Rialtais.

Under the plan, tax reviews, the construction of remote hubs and the National Broadband plan are likely to be accelerated.

Faoin bplean, táthar le hathbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí cánach, moil chianoibre a thógaint agus tá seans ann go gcuirfear dlús faoin bplean Náisiúnta Leathanbhanda chomh maith.

The Minister for Enterprise, Trade and Employment, Tánaiste Leo Varadkar said that a change in culture would be required but that it would make a huge difference to the working lives of the people of the country.

Dúirt an tAire Fiontar,Trádála agus Fostaíochta, An Tánaiste Leo Varadkar go mbeadh athrú cultúir ag teastáil ach go ndéanfadh sé difríocht mhór do shaol oibre mhuintir na tíre.

The Strategy aims for 20% of public sector workers to work remotely or from home.

Tá sé mar aidhm ag an Stráitéis go mbeidh 20 faoin gcéad doibrithe san earnáil phoiblí i mbun cianoibre nó ag obair ón mbaile.

New legislation will be introduced at the end of September allowing employees to apply to work remotely.

Tabharfar reachtaíocht nua isteach ag deireadh Mhí Mheán Fómhair ina mbeidh cead ag fostaithe iarratas a dhéanamh obair ó chian.

The National Teleworking Strategy is to introduce a Code of Practice on human rights – disconnection from work calls and emails outside of the employee’s normal working hours.

Faoin Stráitéis Náisiúnta Cianoibre táthar le Cód Cleachtais a thabhairt isteach maidir le cearta an duine – dícheangal ó ghlaochanna oibre agus ó ríomhphoist oibre taobh amuigh do ghnáth uaireanta oibre an fhostaí.

Leave a Reply