Podcast: Play in new window | Download (Duration: 5:36 — 1.3MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y269hw7r
Taoiseach ‘s statement criticized by opposition.
Ráiteas an Taoisigh cáinte ag an bhfreasúra.
Opposition parties have criticized the Dáil ‘s apology in the Dáil to victims of maternity and infant homes.
Tá an leithscéal a ghabh an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil le daoine a dfhulaing in árais máithreacha agus naíonán cáinte ag páirtithe an fhreasúra.
Sinn Féin leader Mary Lou McDonald said it was not true that the whole affair was a lack of empathy, understanding and basic humanity among the Irish people.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nárbh fhíor a rá nach raibh sa scéal ar fad ach easpa combhá, tuisceana agus bundaonnachta i measc mhuintir na hÉireann.
It was fair to say, she said, that it was an abuse of power and an abuse of authority.
Bfhíre a rá, a dúirt sí, gur mí-úsáid cumhachta agus mí-úsáid údaráis a bhí ann.
This betrayal was brutally played against women and girls, and the poor in particular.
Imríodh an feall seo go brúidiúil ar mhná agus ar chailíní, agus ar na boicht go háirithe.
Mary Lou McDonald argued that it was not true to say that society as a whole was responsible for the scandal.
Mhaígh Mary Lou McDonald nárbh fhíor a rá gurb í an tsochaí trí chéile a bhí freagach as an scannal.
A reactionary Catholic church and a state under which it had a religious basis was responsible, she said.
Eaglais Chaitliceach fhrithghníomhach agus stát a raibh bonn reiligiúnda faoi a bhí freagrach as, a dúirt sí.
Full compensation is due to the victims, she said.
Tá cúiteamh iomlán ag dul do na daoine a dfhulaing, a dúirt sí.
Alan Kelly Labor Party leader Alan Kelly said all parties in power when the houses were there should apologize to the victims.
Alan Kelly Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly gur chóir do gach aon pháirtí a bhí i gcumhacht nuair a bhí na hárais ann pardún a ghabháil leis na híospartaigh.
He recommended drafting legislation to seize the assets of the ecclesiastical institutions if they do not pay a proportion of the compensation.
Mhol sé reachtaíocht a dhréachtú chun seilbh a ghabháil ar shócmhainní na bhforas eaglasta mura n-íocfaidh siad cion den chúiteamh.
Jennifer Whitmore of the Social Democrats said the Taoiseach ‘s apology today was not enough.
Dúirt Jennifer Whitmore ó na Daonlathaithe Sóisialta nár leor an leithscéal a ghabh an Taoiseach inniu.
She called for the removal of legal and bureaucratic barriers to victims obtaining personal information about themselves.
Diarr sí go bhfaighfí réidh leis na constaicí dlíthiúla agus maorlathacha a chuireann bac ar íospartaigh faisnéis phearsanta fúthu féin a fháil.
Bríd Smith from Pobal Before Profit accused the Taoiseach of trying to place the responsibility for the blame on all of us so that no one could be blamed.
Chuir Bríd Smith ó Phobal Roimh Bhrabús i leith an Taoisigh go raibh sé ag iarraidh an fhreagracht faoin éagóir a chur orainn ar fad le nach bhféadfaí an milleán a chur ar aon dream faoi leith.
After all, it was the political class and the church that implemented the policy, she argued.
Tar éis an tsaoil, ba iad an aicme pholaitiúil agus an eaglais a chuir an polasaí i bhfeidhm, a mhaígh sí.