Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:12 — 750.0KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ybyedd3y
Significant increase in demand for public transport services.
Méadú mór ar éileamh ar sheirbhísí iompair phoiblí.
Demand for train seats has risen sharply this weekend, says Iarnród Éireann and has advised passengers to book their seats in advance.
Tá méadú mór tagtha ar an éileamh ar shuíocháin traenach an deireadh seachtaine seo, a deir Iarnród Éireann agus tá comhairle curtha acu ar phaisinéirí a gcuid suíochán a chur in áirithe roimh ré.
Covid 19 travel restrictions were relaxed today.
Maolaíodh ar shrianta taistil Covid 19 inniu.
People are traveling from one county to another for the weekend.
Tá daoine ag taistil ó chontae amháin go contae eile don deireadh seachtaine.
And for Christmas too.
Agus don Nollaig freisin.
The use of all public transport services has grown significantly and it is hoped that this demand will continue for at least a week.
Tá borradh mór tagtha ar úsáid na seirbhísí iompair phoiblí ar fad agus tá súil go leanfar den éileamh sin as seo go ceann seachtaine ar a laghad.
A spokesman for Iarnród Éireann, Barry Kenny, said today that despite the high demand, services are only able to carry 50% of their normal passengers.
Dúirt urlabhraí ar son Iarnród Éireann, Barry Kenny, inniu gur cé go bhfuil an t-éileamh mór sin ann, nach bhfuil seirbhísí abálta ach 50 faoin gcéad de na paisinéirí a bhíonn acu de ghnáth a iompar.
There is therefore an urgent need, he said, to plan trips in advance.
Tá géarghá mar sin, a dúirt sé, le turais a phleanáil roimhe ré.
It is mandatory to wear face cover on public transport services.
Tá sé éigeantach clúdach aghaidhe a chaitheamh ar sheirbhísí iompair phoiblí.
Social separation is also in place on board.
Tá scaradh sóisialta i bhfeidhm freisin ar bord.