Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:40 — 860.2KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yxc4n6ya
Restaurants, some hotels to reopen a week from Monday.
Bialanna, roinnt tithe ósta le hoscailt arís seachtain ón Luan.
It is expected that the Government will announce today that permission will be granted to re – open restaurants and pubs that provide food a week from next Monday.
Ceaptar go bhfógróidh an Rialtas inniu go dtabharfar cead bialanna agus tithe tábhairne a chuireann bia ar fáil oscailt arís seachtain ón Luan seo chugainn.
However, it is understood that there will be new rules about the amount of space between the tables and that the length of time people will be allowed to stay will be reduced.
Tuigtear, áfach, go mbeidh rialacha nua ann faoin méid spáis idir na boird agus go laghdófar an t-achar a mbeidh cead ag daoine fanacht iontu.
All stores and hairdressers are also likely to be allowed to reopen next Tuesday 1 December.
Is cosúil freisin go dtabharfar cead na siopaí ar fad agus gruagairí a oscailt arís Dé Máirt seo chugainn 1 Nollaig.
People from that day will also be allowed to travel anywhere within their own county and attend religious services.
Beidh cead ag daoine ón lá sin chomh maith taisteal aon áit taobh istigh dá gcontae féin agus freastal ar sheirbhísí reiligiúnacha.
On the contrary, Level 5 restrictions will be phased out and people will not be allowed to gather in homes until Friday 18 December.
Os a choinne sin ar fad, is de réir a chéile a mhaolófar srianta Leibhéal 5 agus ní cheadófar do dhaoine teacht le chéile i dtithe cónaithe go dtí Dé hAoine 18 Nollaig.
The new rules were discussed at a meeting of the Government’s Covid-19 subcommittee last night.
Pléadh na rialacha nua ag cruinniú a bhí ag fochoiste covid 19 an Rialtais aréir.
The National Public Health Emergency Team has advised the Government not to allow the reopening of restaurants and pubs for some time but this advice does not appear to be accepted.
Mhol an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí don Rialtas gan cead a thabhairt bialanna agus tithe tábhairne a oscailt arís go ceann scaithimh eile ach dealraíonn sé nach bhfuiltear ag glacadh leis an gcomhairle sin.