20201120_IRISH_08_41



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y4683xr8

Farm mink to be destroyed for public health reasons.

Minceanna feirme le díothú ar chúinsí sláinte poiblí.

The Department of Agriculture has told the owners of the three mink farms in this country that they must kill the animals in case a new strain of the crown virus spreads from them.

Tá sé ráite ag an Roinn Talmhaíochta le húineirí na dtrí fheirm minceanna atá sa tír seo go gcaithfidh siad na hainmhithe a mharú ar eagla go scaipfeadh tréithchineál nua den choróinvíreas uathu.

These farms are located in Kerry, Donegal and Laois.

Is i gCiarraí, i nDún na nGall agus i Laois atá na feirmeacha sin.

The Chief Medical Officer of the Department of Health, Dr Tony Holohan, has recommended that mink be killed since it emerged that humans have acquired the new strain of crown virus from mink in Denmark.

Mhol Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go marófaí an minceanna ó tháinig sé chun solais gur thóg daoine an tréithchinéal nua den choróinvíreas ó mhinceanna sa Danmhairg.

Public health authorities around the world are concerned that the new strain could detract from the progress made on vaccines.

Tá imní ar údaráis sláinte poiblí ar fud an domhain go bhféadfadh an tréithchineál nua an dul chun cinn atá déanta maidir le vacsaín a chur ó mhaith.

However, Redmond O’Hanlon, who owned a mink farm, said that it does not make sense to kill the animals as this species is not found on farms in this country.

Dúirt Redmond OHanlon a mbíodh feirm minceanna aige féin, áfach, nach bhfuil ciall ar bith na hainmhithe a mharú ó tharla nach bhfuil an tréithchinéal seo faigthe ar fheirmeacha sa tír seo.

It is understood that there are no plans to kill the country ‘s 35,000 wild mink.

Tuigtear nach bhfuil sé i gceist iarracht a dhéanamh an 35,000 minc fhiáin atá sa tír a mharú.

Leave a Reply