Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:09 — 740.0KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y5emr785
A juvenile has been sentenced to 7.5 years in prison for killing a teenager.
7.5 bliain príosúin gearrtha ar ógánach faoi dhéagóir a mharú.
In the Central Criminal Court, a seventeen-year-old juvenile was sentenced to seven and a half years in prison for the manslaughter of another teenager during a scuffle in a Dublin park last year.
Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarma príosúin seacht mbliana go leith ar ógánach seacht mbliana déag faoi dhúnorgain déagóra eile le linn scliúchais i bpáirc i mBaile Átha Cliath anuraidh.
The juvenile was convicted two months ago of the manslaughter of Azzam Raguragui.
Ciontaíodh an t-ógánach dhá mhí ó shin i ndúnorgain Azzam Raguragui.
He was found not guilty of murder.
Fuarthas neamhchiontach é i ndúnmharú.
Eighteen-year-old Azzam Raguragui was killed when he was stabbed five times at Finsbury Park in Dundrum in May 2019.
Maraíodh Azzam Raguragui, a bhí ocht mbliana déag, nuair a sádh cúig huaire é i bPáirc Finsbury i nDún Droma i mBealtaine 2019.
The offender confessed to killing Azzam but claimed it was manslaughter rather than murder.
Dadmhaigh an ciontóir gur mharaigh sé Azzam ach mhaígh sé gur dúnorgain seachas dúnmharú a bhí ann.
He said he was defending himself when he attacked him.
Dúirt sé gur á chosaint féin a bhí sé nuair a dionsaigh sé é.
He cannot be named because he is a minor.
Ní féidir é a ainmniú mar gheall gur mionaoiseach é.
It was said during the trial that Azzam was stabbed when two groups of teenagers confronted each other in Finsbury Park over a bike dispute.
Dúradh le linn na trialach gur sádh Azzam nuair a thug dhá ghrúpa déagóirí aghaidh ar a chéile i bPáirc Finsbury mar gheall ar aighneas faoi rothar.
Government remember to prevent take-away pints.
Rialtas ag cuimhneamh ar phiontaí beir leat a chosc.
It is reported that the Government is considering banning the sale of takeaway pubs and that a decision could be taken without delay.
Tuairiscítear go bhfuil an Rialtas ag cuimhneamh ar chosc a chur ar thithe tábhairne deochanna meisciúla beir leat a dhíol agus go bhféadfaí cinneadh a dhéanamh gan mhoill.
Images of people drinking on the streets of Dublin and other cities in the country last Saturday night have drawn controversy.
Tá conspóid tarraingthe ag íomhánna de dhaoine ag ól ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha eile sa tír oíche Dé Sathairn seo caite.
Senior Government sources say such misconduct cannot be allowed to continue.
Deir foinsí sinsearacha Rialtais nach féidir ligean do mhí-iompar den sórt seo leanacht ar aghaidh.
Pubs are allowed to sell take-away liquor under Level 5 restrictions but some pubs say they have never requested this.
Tá cead ag tithe tábhairne deochanna meisciúla beir leat a dhíol faoi shrianta Leibhéal 5 ach deir roinnt tábhairneoirí nár iarr siad é seo riamh.
The Association of Licensed Wine Buyers wrote to the Government over the summer calling for a ban on street drinking.
Scríobh an Cumann Fíoncheannaithe Ceadúnaithe chuig an Rialtas i gcaitheamh an tsamraidh ag iarraidh cosc a chur ar ól ar na sráideanna.