Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:04 — 721.8KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y337bdjw
Election result confirmed by American officials.
Toradh toghcháin deimhnithe ag oifigigh i Meiriceá.
U.S. election officials have confirmed that there is no evidence that votes were wasted or canceled in last week’s presidential election.
Tá sé dearbhaithe ag oifigigh toghchánaíochta sna Stáit Aontaithe nach bhfuil aon fhianaise ann go ndeachaigh vótaí amú nó gur cuireadh vótaí ar ceal i dtoghchán na huachtaránachta an tseachtain seo caite.
According to the American Department of Homeland Security the process has never been so safe.
Dar le Roinn Slándála Baile Mheiriceá nach raibh an próiseas chomh sábháilte riamh.
However, President Donald Trump claims that election fraud and error took place and refuses to accept that his opponent Joe Biden got the better of him.
Tá sé á mhaíomh ag an Uachtarán Donald Trump, áfach, gur tharla caimiléireacht agus botúin sa toghchán agus tá sé ag diúltú glacadh leis go bhfuair a chéile comhraic Joe Biden an ceann is fearr air.
He claims that 2.7 million votes cast for him were canceled but federal officials say there is no basis for this allegation.
Maíonn sé gur cuireadh ar ceal 2.7 milliún vóta a caitheadh ar a shon ach deir oifigigh fheidearálacha nach bhfuil aon bhonn faoin líomhain seo.
The votes are still being counted in some states ten days after the election.
Tá na vótaí fós á gcomhaireamh i roinnt stát deich lá tar éis an toghcháin.
Joe Biden currently has over 5.2 million more votes than Donald Trump and legal experts say any court is unlikely to accept the President’s corruption allegations.
Faoi láthair, tá os cionn 5.2 milliún vóta sa bhreis ag Joe Biden ar Donald Trump agus deir saineolaithe dlí gur beag seans go nglacfadh aon chúirt le líomhaintí caimiléireachta an Uachtaráin.