20201104_IRISH_08_21



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6l3x9bm

American Election: Very little remains between Trump and Biden.

Toghchán Mheiriceá: Fíorbheagán fós idir Trump agus Biden.

Votes are still being counted in the U.S. Presidential election but it is not yet clear who will have the goalkeeper, Republican Donald Trump or Democrat Joe Biden.

Tá vótaí á gcomhaireamh i gcónaí i dtoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe ach níl sé soiléir fós cé leis a mbeidh an báire, an Poblachtach Donald Trump nó an Daonlathaí Joe Biden.

Joe Biden thinks the direction is right but Donald Trump claims he will win.

Dar le Joe Biden go bhfuil an treo ceart faoi ach maíonn Donald Trump go mbuafaidh sé go rábach.

In another statement, however, Donald Trump said Democrats would not be allowed to “steal the election.”

I ráiteas eile, ámh, dúirt Donald Trump nach gceadófaí do na Daonlathaithe an toghchán “a ghoid.”

He later reiterated that it was a “major fraud.”

Mhaígh sé ina dhiaidh sin arís gur “calaois mhó.”

on the American public is in the election and said he intends to take the matter to the Supreme Court of the country.

ar phobal Mheiriceá atá sa toghchán agus dúirt go bhfuil rún aige an scéal a chur faoi bhráid Chúirt Uachtarach na tíre.

While Trump has beaten important states of Florida and Texas, Biden is currently ahead of him.

Cé go bhfuil stáit thábhachtacha Florida agus Texas buaite ag Trump, tá Biden chun cinn air faoi láthair.

Biden has 220 of the electoral colleges, Trump has 213.

220 de na coláistí toghcháin atá ag Biden, 213 atá ag Trump.

The winner of 270 colleges will win.

Is ag an té a gheobhas 270 coláste a bheas an bua.

With so many postal votes still to be counted, it seems that there will not be a final result for several days.

De bharr go bhfuil anmhórán vótaí poist le comhaireamh i gcónaí, dealraíonn sé nach mbeidh toradh deiridh ann go ceann roinnt laethanta.

The outcome may still be confirmed in the Supreme Court.

Dfhéadfadh sé fós gur sa Chúirt Uachtarach a dhearbhófar an toradh.

Speaking on RTÉ, NUI Galway ‘s law lecturer – Larry Donnelly – said that Joe Biden seems to be the winner, but that he is very little between Donald Trump.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt leachtóir dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh – Larry Donnelly – gur cosúil gur Joe Biden a bhéarfas an chraobh leis ach gur fíorbheagán a bheas idir é agus Donald Trump.

In the next election, Democrats are likely to have a majority again in the House of Representatives but it is not yet clear whether Republicans will retain control of the Senate.

Sna toghcháin eile, is cosúil go mbeidh móramh arís ag na Daonlathaithe i dTeach na nIonadaithe ach níl sé soiléir fós an gcoinneoidh na Poblachtaigh smacht ar an Seanad.

Leave a Reply