20201014_IRISH_07_18



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yxbaj4gc

Budget 2020: The Covid-19 Pandemic is at stake.

Buiséad 2020: Paindéim covid 19 go mór i gceist.

Finance Minister Paschal Donohoe and Minister for Public Expenditure and Reform Michael McGrath will announce Budget 2021 at a sitting of the Dáil in the Dublin Convention Center this afternoon.

Fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath Buiséad 2021 ag suí den Dáil san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

It is estimated that around € 20 billion is to be spent, of which € 14.5 billion has already been pledged for Covid-19 and other support projects.

Meastar go bhfuil thart ar €20 billiún le caitheamh, a bhfuil €14.5 billiún de geallta cheana féin do thograí tacaíochta covid 19 agus eile.

The support money will be provided in the areas of health, social protection and business.

Sna réimsí sláinte, coimirce sóisialaí agus gnó a chuirfear an t-airgead tacaíochta ar fáil.

It was decided last night that people in receipt of Pandemic Unemployment Payment will be paid a Christmas bonus, if they have been getting it for at least four months.

Socraíodh aréir go n-íocfar bónas na Nollag le daoine atá ag fáil na hÍocaíochta Dífhostaíochta Paindéime, má tá siad á fáil le ceithre mhí ar a laghad.

228,000 people are currently in receipt of this payment and it is estimated that between 80% and 90% of them will be entitled to the additional receipt by December.

228,000 duine atá ag fáil na híocaíochta seo faoi láthair agus ceaptar go mbeidh idir 80 faoin gcéad agus 90 faoin gcéad acu i dteideal an fháltais bhreise faoi Nollaig.

It is reported that € 3.3 billion will be invested in social housing and the Government intends to provide 12,750 new homes.

Tuairiscítear go ndéanfar infheistíocht €3.3 billiún i dtithíocht shóisialta agus rún ag an Rialtas 12,750 teach nua a chur ar fáil.

It is estimated that up to 400 special needs teachers and 1,000 special needs assistants are to be recruited.

Tuigtear go bhfuil suas le 400 múinteoir riachtanas speisialta agus 1,000 cúntóir riachtanas speisialta le hearcú.

Similarly, the Garda Síochána is to recruit an additional 600 Gardaí and 500 civilians.

A dhála sin, tá 600 Garda breise agus 500 sibhialtach le hearcú ag an nGarda Síochána.

79 new vehicles are also to be made available to the Gardaí after some were involved in car hire this year.

Tá 79 feithicil nua le cur ar fáil do na Gardaí freisin tar éis go raibh cuid acu i dtaobh le carranna a thógáil ar cíos i mbliana.

It is believed that additional funding is in store for Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge and TG4.

Creidtear go bhfuil maoiniú breise i ndán dÚdarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4.

It is reported that the special allowance for islanders who are dependent on social welfare payments is to be increased from € 12.70 to € 20.

Tuairiscítear go bhfuil an liúntas speisialta do mhuintir na n-oileán atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialta le hardú ó €12.70 go €20.

The Arts Council has € 120 million available and live events will receive special funding.

Tá €120 milliún le fáil ag an gComhairle Ealaíon agus gheobhaidh lucht ócáidí beo maoiniú ar leith.

It is understood that € 500 million will also be budgeted for cross-border projects over the next five years.

Tuigtear go mbeidh €500 milliún sa Bhuiséad freisin le caitheamh ar thograí trasteorann go ceann cúig bliana.

The Government has already indicated that there will be no major changes to personal income tax or social welfare payments.

Tá sé tugtha le fios cheana féin ag an Rialtas nach mbeidh aon mhórathruithe ar cháin ioncaim phearsanta ná ar íocaíochtaí leasa shóisialta.

Paschal Donohoe will begin his speech in the Dáil at 1 o’clock.

Cuirfidh Paschal Donohoe tús lena óráid sa Dáil ag 1 a chlog.

He is expected to speak until 1.45, when Michael McGrath will deliver his own speech.

Meastar go mbeidh sé ag caint go dtí 1.45, tráth a thabharfas Michael McGrath a óráid féin.

Opposition parties will then give their decision on the Budget.

Tabharfaidh páirtithe an fhreasúra a mbreith ar an mBuiséad ina dhiaidh sin.

Leave a Reply