Podcast: Play in new window | Download (Duration: 2:32 — 594.5KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y2s2fh8w
United Nations Food Program wins Nobel Peace Prize.
Duais Nobel na Síochána buaite ag Clár Bia na Náisiún Aontaithe.
The United Nations has won the Nobel Peace Prize, 2020 for the Food Program they run, providing relief to communities living in war zones around the world.
Tá Duais Nobel na Síochána, 2020 buaite ag na Náisiúin Aontaithe as an gClár Bia a reachtálann siad, ag cur fóirithinte ar fáil do phobail atá ag maireachtáil i limistéir chogaidh ar fud an domhain.
The Norwegian Nobel Committee has said that the United Nations Food Program has been honored to bring to the world’s attention the millions of people around the world who are hungry and suffering as a result.
Dúirt Coiste Nobel na hIorua gur bronnadh an onóir ar Chlár Bia na Náisiúin Aontaithe chun aird an domhain a tharraingt ar na milliúin duine ar fud na cruinne go bhfuil ocras orthu agus atá ag fulaingt dá bharr.
The World Food Program says that one in eleven people go to bed every night on an empty stomach, or 690 million people worldwide.
Deir an Clár Bia Domhanda go dtéann duine amháin as gach aon duine dhéag a luí gach oíche ar bholg folamh, nó 690 milliún duine ar fud an domhain.
The United Nations humanitarian organization was founded in 1961.
Bunaíodh an t-eagras daonnúil de chuid na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1961.
They helped 97 million people last year, distributing 15 billion rations in 88 countries.
Chuidigh siad le 97 milliún duine anuraidh, ag dáileadh 15 billiún ciondáil in 88 tír.