20201007_IRISH_07_29



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y6errrmd

Concerns about 50,000 jobs in pubs.

Imní faoi 50,000 post i dtithe tábhairne.

Pubs in this country have indicated that half a thousand workers will lose their jobs in hotels due to Level 3 restrictions that will be implemented from midnight tonight.

Tá sé tugtha le fios ag tábhairneoirí sa tír seo go gcaillfidh leathchéad míle oibrí a gcuid post i dtithe ósta mar gheall ar shrianta Leibhéal 3 a chuirfear i bhfeidhm ó mheán oíche anocht.

No customers will be allowed inside the hotels or restaurants, and only fifteen people will be allowed outside.

Ní cheadófar aon chustaiméirí taobh istigh sna tithe ósta ná i mbialanna, agus ní cheadófar ach cúig dhuine dhéag taobh amuigh.

The Irish Wine Merchants Federation is calling for the return of Covid-19 unemployment payments to people working in the hospitality sector.

Tá Cónaidhm Fhíoncheannaithe na hÉireann ag iarraidh go dtabharfaí ar ais íocaíochtaí dífhostaíochta covid 19 do dhaoine atá ag obair san earnáil óstaíochta.

205,000 people in various sectors are currently receiving this payment.

205,000 duine in earnálacha éagsúla atá ag fáil na híocaíochta seo faoi láthair.

Claims for the payment have risen by 33% in Donegal for a week after the county was placed under Level 3 restrictions.

Tá éilimh ar an íocaíocht ardaithe 33 faoin gcéad i nDún na nGall le seachtain tar éis don chontae a bheith curtha faoi shrianta Leibhéal 3.

A case involving four pubs against the FBD insurance company has begun in the Commercial Court today.

Tá tús curtha sa Chúirt Tráchtála inniu le cás atá ceithre theach tábhairne a thabhairt in aghaidh an chomhlachta árachais FBD.

Pub owners argue that FBD should compensate them for their losses from the start of the pandemic.

Maíonn úinéirí na dtithe tábhairne gur chóir do FBD iad a chúiteamh as a gcuid caillteanas ó thús na paindéime.

Leave a Reply