20201006_IRISH_07_20



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y2ux3q65

Level 3 Restrictions to be applied nationwide.

Srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar fud na tíre.

At a Government meeting tonight, the recommendation of the National Public Health Emergency Team to introduce Level 5 restrictions across the State to prevent the spread of Covid-19 disease was not accepted.

Ag cruinniú Rialtais anocht, níor glacadh leis an moladh ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach ar fud an Stáit féachaint le forleathadh an ghalair covid 19 a chosc.

Instead, Level 3 restrictions will be introduced everywhere from midnight tomorrow and the powers of the authorities to enforce them will be strengthened.

Ina ionad sin, tabharfar isteach srianta Leibhéal 3 i ngach áit ó mheán oíche amárach agus treiseofar na cumhachtaí atá ag na húdaráis iad a chur i bhfeidhm.

Level 3 restrictions are already in place in Dublin and Donegal.

Tá srianta Leibhéal 3 i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall cheana féin.

Pubs outside of Dublin will be allowed to stay open but customers – a maximum of fifteen – must stay outside.

Beidh cead ag tithe tábhairne taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath fanacht ar oscailt ach caithfidh custaiméirí – cúig dhuine dhéag ar a mhéid – fanacht taobh amuigh.

This is the first time since the start of the pandemic that the Government has not accepted a significant recommendation from the Emergency Team.

Seo an chéad uair ó thús na paindéime nach bhfuil glactha ag an Rialtas le moladh suntasach ón bhFoireann Éigeandála.

It is understood that many Ministers were concerned about the impact of Level 5 restrictions on the country’s economy and people’s livelihoods.

Tuigtear go raibh imní ar go leor Airí faoin tionchar a bheadh ag srianta Leibhéal 5 ar gheilleagar na tíre agus ar shlí bheatha daoine.

Sinn Féin said it would be disastrous to introduce additional restrictions without providing additional supports for workers and their families.

Dúirt Sinn Féin go mbeadh sé tubaisteach srianta breise a thabhairt isteach gan tacaíochtaí breise a chur ar fáil doibrithe agus dá dteaghlaigh.

According to that party, the Government must give a clear explanation to the public about this latest situation.

Dar leis an bpáirtí sin go gcaithfidh an Rialtas míniú soiléir a thabhairt don phobal faoin gcor is deireanaí seo.

The Emergency Team was recommending that the strictest restrictions be imposed due to the continuing increase in the number of cases of the coronavirus across the country.

Bhí an Fhoireann Éigeandála ag moladh go gcuirfí na srianta is déine i bhfeidhm mar gheall ar an ardú leanúnach ar líon na gcásanna den choróinvíreas ar fud na tíre.

The chairman of the Emergency Team, Dr Tony Holohan, met with the Government’s Covid-19 oversight group and other stakeholders this morning about the proposal.

Bhí cruinniú ag cathaoirleach na Foirne Éigeandála, an Dr Tony Holohan, le grúpa maoirseachta covid 19 an Rialtais agus le páirtithe leasmhara eile ar maidin faoin moladh.

The three coalition leaders, as well as Health Minister Stephen Donnelly, Dr Holohan and epidemiological adviser Professor Philip Nolan, had a subsequent meeting.

Bhí cruinniú ina dhiaidh sin ag triúr ceannairí an chomhrialtais, chomh maith leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly, leis an Dr Holohan agus leis an gcomhairleoir eipidéimeolaíochta an tOllamh Philip Nolan.

Health Service Executive leader Paul Reid said this morning that people are concerned about the rise in Covid-19 cases and that people’s mental health and economic needs must also be taken into account.

Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid ar maidin siúd is go bhfuil imní ar dhaoine faoin ardú ar chásanna covid 19 go gcaithfear meabhairshláinte daoine agus cúrsaí eacnamaíochta a chur san áireamh freisin.

Leave a Reply