20201005_IRISH_06_24



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yy2t7m83

Level 5 restrictions proposed across the State.

Srianta Léibhéal 5 á moladh ar fud an Stáit.

The National Public Health Emergency Team (NEPHET) has sent a letter to the Government tonight recommending that the entire State be placed on Level 5 restrictions, and that the restrictions last five weeks.

Tá litir curtha ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NEPHET) chuig an Rialtas anocht ag moladh go gcuirfear an Stát ar fad ar shrianta Leibéal 5, agus go mairfeadh na srianta cúig seachtaine.

The leaders of the three Government parties are expected to seek a meeting with the Chief Medical Officer with the letter of the discussion.

Táthar ag súil go lorgóidh ceannairí na dtrí pháirtí Rialtais cruinniú leis an bPríomhoifigeach Leighis leis an litir an phlé.

Today Dr. returned.

Inniu a d’fhill an Dr.

Tony Holohan on his duties, a day earlier than planned, and chaired a long afternoon NEPHET meeting The letter and its contents are thought to have withdrawn from the Government.

Tony Holohan ar a chuid dualgaisí, lá níos luaithe ná mar a bhí beartaithe, agus bhí sé ina chathaoirleach ar chruinniú fada NEPHET tráthnóna Ceaptar gur bhain an litir agus a bhfuil ann, siar as an Rialtas.

No jurisdiction other than Israel has been implemented as proposed, and the situation there has been worse than at present.

Níl beart mar atá molta ann curtha i bhfeidhm in aon dlínse eile seachas Iosrael, agus ba mheasa a bhí an scéal ansiúd ná mar atá anseo faoi láthair.

No cabinet meeting is planned for tomorrow, but the Covid-19 oversight group will look at the proposals.

Níl aon chruinniú den chomhaireacht beartaithe don lá amárach, ach breathnóidh an grúpa maoirseachta covid 19 ar na moltaí.

The most senior civil servants are members of this group.

Na státseirbhísigh is sinsearaí atá ina mbaill den ghrúpa seo.

The Association of Primary Teachers is already calling for a review of school safety if Level 5 restrictions are imposed.

Cheana féin tá Cumann na mBunmhúinteoirí ag éileamh athbhreithniú ar shábháilteacht na scoileanna má chuirtear srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm.

354 new cases were announced to the Department of Health today, bringing the total number of cases at 38,032.

354 cás nua a fógraíodh don Roinn Sláinte inniu, rud a fhágann líon iomlán na gcásanna ag 38,032.

No further deaths were announced today.

Níor fógraíodh aon bhás eile inniu.

The death toll from the pandemic was 1,810.

1,810 é líon na marbh de bharr na paindéime.

Leave a Reply