Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:55 — 1.1MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yynu5e4r
‘Everyone needs to cooperate, or the virus will spread’-Glynn.
Caithfidh gach duine comhoibriú,nó scaipfidh an víreas-Glynn.
Acting Chief Medical Officer Dr Ronan Glynn said cases of Covid-19 in the country will worsen ‘if not all individuals and organizations take action to prevent the spread of this pandemic’.
Dúirt an Príomh Oifigeach Gníomhach Leighis, an Dr Ronan Glynn gur in olcas a rachaidh cásanna de covid 19 sa tír mura ngníomhaíonn gach duine agus eagraíochtaí ar mhaithe le leathadh na paindéime seo a chosc.
The number of cases in the country has not been as high in 5 months as it was yesterday, according to the figures.
Ní raibh líon na gcásanna chomh hard sa tír le 5 mhí is a bhí inné, de réir na bhfigiúirí.
It was reported that 430 people contracted the virus in the State in 24 hours.
Tuairiscíodh gur tholg 430 duine an víreas sa Stát in imeacht 24 uair a chloig.
Rising cases Ronan Glynn has again called on families to limit the number of people they meet.
Líon na gcásanna ag ardú Diarr Ronan Glynn arís ar theaghlaigh srian a chur le líon na ndaoine a mbuaileann siad leo.
There have been many reports in the media recently about groups of people gathering in different areas, regardless of Government restrictions and advice.
Tá go leor tuairiscí ag teacht chun cinn sna meáin le gairid faoi ghrúpaí daoine ag bailiú le chéile i gceantair éagsúla, beag beann ar shrianta agus comhairle an Rialtais.
The Chairman of the Irish Medical Association ‘s advisory committee, Dr Clive Kilgallen, endorsed Ronan Glynn’ s statement, saying that everyone needed a strong effort to keep the health system under pressure in hospitals.
Thacaigh Cathaoirleach ar choiste comhairleach Chumann Dochtúirí Éireann, An Dr Clive Kilgallen le ráiteas Ronan Glynn, ag rá gur theastaigh iarracht láidir ó gach duine ionas nach dtiocfadh an córas sláinte faoi bhrú sna hospidéil.
According to current figures, there is no major pressure on hospitals; 108 cases have been confirmed in state hospitals overnight said to be.
De réir na bhfigiúirí faoi láthair, níl aon bhrú mór ag teacht ar ospidéil; 108 cás atá dearbhaithe in ospidéil an stáit thar oíche deirtear.
There is now a risk that level 3 restrictions may be imposed on a further 4 counties, namely Cork, Galway, Louth and Wicklow.
Tá an baol anois go bhféadfaí srianta leibhéal a 3 a chur i bhfeidhm ar 4 chontae eile, siad sin Corcaigh, Gaillimh, An Lú agus Cill Mhantáin.
Gardaí at checkpoint in Co. Dublin The Public Health Emergency Service (NPHET) is closely monitoring cases in these counties.
Gardaí i mbun phointe seiceála i gCo.Bhaile Átha Cliath Tá an tSeirbhís Éigeandála Shláinte Phoiblí (NPHET) ag coinneáil súil ghéar ar chásanna sna contaetha sin.
2 counties to date in level 3; Donegal and Dublin.
2 chontae go dtí seo atá i leibhéal a 3; Dún na nGall agus Baile Átha Cliath.
.
.