Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:33 — 834.6KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yynqr86d
483 extra beds promised in winter health plan.
483 leaba bhreise geallta i bplean sláinte an gheimhridh.
An additional 483 beds are to be provided in the country’s main hospitals between now and April next year according to the Health Service Executive’s winter plan published today.
Tá 483 leaba bhreise le cur ar fáil i bpríomhospidéil na tíre as seo go hAibreán na bliana seo chugainn de réir phlean geimhridh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a foilsíodh inniu.
These are acute beds and 17 intensive care beds are also promised.
Leapacha géarchúraim iad seo agus tá 17 leaba dianchúraim geallta chomh maith.
251 of the acute care beds will be provided this year and 232 next year.
Cuirfear 251 de na leapacha géarchúraim ar fáil i mbliana agus 232 an bhliain seo chugainn.
€ 600 million is to be invested in the plan.
Tá €600 milliún le hinfheistiú sa phlean.
€ 200 million of this funding will be spent this year and the remainder next year.
Caithfear €200 milliún den mhaoiniú seo i mbliana agus an chuid eile an bhliain seo chugainn.
The plan also promises to provide 89 sub-care beds in community hospitals and that these will remove some of the workload of the main hospitals.
Gealltar sa phlean freisin go gcuirfear 89 leaba fochúraim ar fáil in ospidéil phobail agus go mbainfidh siad seo cuid den ualach oibre de na príomhospidéil.
Home care services for the elderly and vulnerable are also promised to be significantly enhanced.
Tá sé geallta chomh maith go gcuirfear go mór le seirbhísí cúraim bhaile do dhaoine aosta agus leochaileacha.
It is not yet clear how many additional workers will be recruited to meet all the commitments in the winter plan.
Ní sé soiléir fós cé mhéad oibrí breise a earcófar leis na gealltanais ar fad atá sa phlean geimhridh a chomhlíonadh.