20200925_IRISH_08_07



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y2qveqfm

Additional restrictions to be applied in Donegal.

Srianta breise le cur i bhfeidhm i nDún na nGall.

Additional restrictions of Covid-19 are to be introduced in Donegal due to the large increase in the number of cases of the disease in the county.

Tá srianta breise covid 19 le tabhairt isteach i nDún na nGall mar gheall ar an ardú mór ar líon na gcásanna den ghalar sa chontae.

The National Public Health Emergency Team recommended to the Government in the evening that the additional Level 3 restrictions be put in place to curb the spread of the disease in the north-west.

Mhol an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí don Rialtas tráthnóna go gcuirfí na srianta breise Leibhéal 3 i bhfeidhm le forleathadh an ghalair san iarthuaisceart a bhrú faoi chois.

The new rules will apply for three weeks from midnight tomorrow.

Beidh feidhm leis na rialacha nua ar feadh trí seachtaine ó mheán oíche amárach.

168 Covid-19 cases were confirmed in Donegal in eight days, 42 of them twenty- four hours.

Deimhníodh 168 cás covid 19 i nDún na nGall le hocht lá, 42 acu le ceithre huaire fichead.

There has not been such a high number in a single day in the county since the start of the pandemic.

Ní raibh líon chomh hard sin ann in aon lá amháin sa chontae ó thús na paindéime.

The Department of Health’s Acting Chief Medical Officer, Dr Rónán Glynn, said last night that a third of Covid-19 cases in Donegal are among 15-24 year olds.

Dúirt Príomhoifigeach Gníomhach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Rónán Glynn, aréir gur i measc daoine idir 15-24 bliain atá an tríú cuid de chásanna covid 19 i nDún na nGall.

This morning, it was confirmed that there was one case in Letterkenny Hospital and another seven with signs of the disease.

Ar maidin, deimhníodh go raibh cás amháin in Otharlann Leitir Ceanainn agus go raibh seachtar eile ann a raibh comharthaí sóirt na haicíde orthu.

However, since more cases were announced in Donegal this afternoon, more people may have been hospitalized since then.

Ó fógraíodh tuilleadh cásanna i nDún na nGall tráthnóna, ámh, dfhéadfadh sé go bhfuil níos mó daoine curtha san ospidéal ó shin.

Under the additional restrictions, pubs that do not provide food will be allowed to stay open but customers must sit outside.

De réir na srianta breise, beidh cead ag tithe tábhairne nach gcuireann bia ar fáil fanacht oscailte ach caithfidh na custaiméirí suí taobh amuigh.

The maximum allowed is fifteen customers.

Cúig chustaiméir déag an t-uasmhéid a cheadófar.

Leave a Reply