20200922_IRISH_08_06



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yxw7aect

€ 15m investment to be made in hotels in Gaoth Dobhair.

Infheistíocht €15m le déanamh in óstáin i nGaoth Dobhair.

It has been announced that a € 15m investment is to be made in two long closed hotels in Gaoth Dobhair, Co Donegal, the Radharc na Mara Hotel and the Gaoth Dobhair Hotel.

Tá sé fógraithe go bhfuil infheistíocht €15m le déanamh i dhá óstán a bhí dúnta le fada i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, Óstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair.

The company is called a subsidiary of Bunbeg Revival Limited and is owned by a larger company called Vesada from Dublin who have recently purchased both centers.

Fochomhlacht darbh ainm Athbheochan an Bhun Bhig Teoranta is ainm don chomhlacht agus is le comhlacht níos mó iad sin darbh ainm Vesada as Baile Átha Cliath a bhfuil an dá ionad ceannaithe acu le déanaí.

Work has been underway for 2 years to purchase the hotels.

Tá obair ar bun le 2 bhliain leis na hóstáin a cheannach.

The Seaview Hotel will have 28 bedrooms, as well as a restaurant and pub.

Beidh 28 seomra leapa in Óstán Radharc na Mara, chomh maith le bialann agus tábhairne.

Work on that is expected to begin soon and open in Autumn 2021.

Tá súil go gcuirfear tús leis an obair air sin go luath agus go mbeidh sé ar oscailt i bhFómhar 2021.

Development of further facilities is planned at a later date.

Tá forbairt ar thuilleadh áiseanna beartaithe níos déanaí.

This hotel is not a nightclub as it used to be.

Níl club oíche le bheith san óstán seo mar a bhíodh.

It is proposed to convert the Gaoth Dobhair Hotel into Magheraclogher into high quality self – catering apartments, as well as a restaurant, restaurant and activity center focusing on local amenities and outdoor recreation.

Tá sé i gceist árasáin féinfhreastail dardchaighdeán a dhéanamh de Óstán Ghaoth Dobhair i Machaire Chlochair, chomh maith le bialann, sólann agus ionad gníomhaíochta a bheidh dírithe ar áiseanna áitiúla agus caitheamh aimsire taobh amuigh.

The Vesada company has no local connection with the area but has said it will be hiring local contractors.

Níl aon cheangal áitiúil ag an chomhlacht Vesada leis an cheantar ach tá sé ráite acu gur conraitheoirí áitiúla a bheidh á bhfostú.

Sinn Féin TD Pearse Doherty said this morning that the company had asked him for a little help a year and a half ago and that contact between him and the company had continued ever since.

Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty ó Shinn Féin ar maidin gur iarr an comhlacht air cuidiú beag a thabhairt bliain go leith ó shin agus gur lean an teagmháil idir é féin agus an comhlacht ó shin.

He said the investment is expected to employ up to 80 people.

Dúirt sé go bhfuil súil go mbeidh suas le 80 duine fostaithe de bharr na hinfheistíochta.

Óstán Ghaoth Dobhair was almost sold twice in 2016 but a right of way through the land on which it was located appears to have been a problem.

Bhí Óstán Ghaoth Dobhair beagnach díolta dhá uair i 2016 ach is cosúil gur bhain deacracht le ceart bealaigh tríd an talamh a raibh sé suite air.

The Gaoth Dobhair Trade Association said they were disappointed that it was not sold at an online public auction.

Dúirt Cumann Trádála Ghaoth Dobhair go raibh díomá orthu nár díoladh é ar cheant poiblí ar líne.

The guide value requested at that time was € 600,000 for the 32-room and 6- apartment hotel located on a 76-acre site.

€600,000 an treoirluach a bhí iarrtha an t-am sin ar an óstán 32 seomra agus 6 árasán atá suite ar láthair 76 acra.

Ailbhe Ó Monacháin will have more about this story on Nuacht TG4 at 19.00 tonight.

Beidh a thuilleadh faoin scéal seo ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 19.00 anocht.

Leave a Reply