20200917_IRISH_05_38



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yxwhal2m

20 people to lose their jobs in the Galway Gaeltacht.

20 duine lena bpoist a chailleadh i nGaeltacht na Gaillimhe.

News 20 people employed by Planet Payment in the Tulla industrial estate in Riverstown, Co Galway have received notice of termination.

Nuacht Tá fógra scoir faighte ag 20 duine atá fostaithe sa chomhlacht Planet Payment in eastát tionsclaíochta na Tulaí i mBaile na hAbhann, Co na Gaillimhe.

Covid-19 is understood to be caused by the catastrophic decline in the tourism industry and international travel over the past six months caused by Covid-19.

Tuigtear gurb í an titim thubaisteach i dtionscal na turasóireachta agus sa taisteal idirnáisiúnta le sé mhí de bharr covid 19 is cúis leis na poist a bheith á gcailleadh.

Five of the company’s staff in Galway city will also lose their jobs.

Caillfidh cúigear den fhoireann atá ag an chomhlacht i gcathair na Gaillimhe a gcuid post chomh maith.

Planet Payment, or Fintrax as it was known until 2018, is one of the largest companies in the world that processes VAT returns for tourists.

Tá Planet Payment, nó Fintrax mar a bhí orthu go dtí 2018, ar cheann de na comhlachtaí is mó ar domhan a dhéanann próiseáil ar aisíocaíochtaí Cháin Bhreis Luacha do thurasóirí.

The company, founded by Galway native Gerry Barry in 1985, has been based in Tullow for 30 years.

Tá láthair ag an chomhlacht, a bhunaigh an Gaillimheach Gerry Barry i 1985, ar an Tulaigh le 30 bliain.

There were 80 employees at one time.

Bhí 80 fostaithe ann ag tráth amháin.

The Tulla Community Committee has requested that Údarás na Gaeltachta make every effort to provide employment in the area.

Tá iarrtha ag Coiste Pobail na Tulaí go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta gach iarracht fostaíocht a chur ar fáil sa cheantar.

Kathleen Connolly said the estate, which once housed 300 people, will soon be completely abandoned.

Dúirt Kathleen Uí Chonghaile nach fada go mbeidh an t-eastát, a raibh 300 duine ag obair ann tráth, tréigthe go hiomlán.

She said the loss of these jobs appears to be due to the coronavirus but not the damage done by two other companies in the area, HID Global by Zenith.

Dúirt sí gur cosúil gurb é an coróinvíreas is cúis leis na poist seo a bheith á gcailleadh ach nach é a rinne an dochar i gcás dhá chomhlacht eile san áit, HID Global ag Zenith.

Údarás na Gaeltachta’s client companies in Tullow once employed 300 people.

Bhí 300 duine ag obair i gcliant-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar an Tulaigh tráth den saol.

In February last year, HID Global relocated its work and 100 jobs to Galway city.

I mí Feabhra anuraidh, daistrigh HID Global a gcuid oibre agus 100 post isteach go cathair na Gaillimhe.

The Authority has not been able to tell RTÉ / TG4 News how many companies and jobs will be left on Tullow when staff are reduced in Planet Payment.

Ní raibh an tÚdarás ábalta a rá le Nuacht RTÉ/TG4 cé mhéad comhlacht agus post a bheidh fágtha ar an Tulaigh nuair a laghdófar an fhoireann in Planet Payment.

However, they said that the Authority is working hard to find suitable areas and sectors to create employment in all Gaeltacht areas, including the Tulla estate in Riverstown.

Ach dúirt siad go bhfuil an tÚdarás ar theann a ndíchill ag iarraidh réimsí agus earnálacha fóirsteanacha a aimsiú le fostaíocht a chruthú sna ceantair Ghaeltachta uile, eastát na Tulaí i mBaile na hAbhann ina measc.

Leave a Reply