20200916_IRISH_06_49



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y6kdbatf

Concerns about cancer tests being suspended.

Imní faoi thástálacha ailse a bheith curtha ar fionraí.

When the coronary virus outbreak began in March, other services such as cervical, breast and bowel cancer tests were suspended.

Nuair a thosaigh ráig an choróinvíris i mí an Mhárta cuireadh seirbhísí eile ar nós tástálacha ailse ceirbheacs, brollaigh agus putóige ar fionraí.

The number of people waiting for the tests has increased significantly as a result.

Tá líon na ndaoine atá ag fanacht leis na tástálacha méadaithe go mór dá bharr.

It was a target of 90,000 breast cancer tests this year but up to June over 38,000 had been done.

Bhí sé mar sprioc go ndéanfaí 90,000 tástáil ailse brollaigh i mbliana ach suas go Meitheamh os cionn 38,000 a bhí déanta.

138,000 cervical cancer tests were planned, but only 71% are currently performed.

Bhí sé i gceist 138,000 tástáil ailse ceirbheacs a dhéanamh, ach níl déanta ach 71 faoin gcéad faoi láthair.

Nearly 65,000 people were waiting for a bowel cancer test this year, but 66% of those are still undone.

Beagnach 65,000 duine a bhí ag fanacht le tástáil ailse putóige i mbliana, ach tá 66 faoin gcéad acu sin atá fós gan déanamh.

Dr Mary Regan, a GP in Galway, says patients are now worried about being tested for Covid-19 but that there is an urgent need to restore full services.

Deir an Dr Mary Regan, dochtúir teaghlaigh i nGaillimh, go bhfuil imní ar othair tástáil a dhéanamh anois mar gheall ar covid 19 ach go bhfuil géarghá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil arís.

The Health Service Executive has indicated that all services will be back before the end of next month.

Tá sé tugtha le fios Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh na seirbhísí ar fad ar ais roimh dheireadh na míosa seo chugainn.

According to Independent TD Catherine Connolly it is not right that cancer services should not be available as these patients are already concerned and their suffering is increasing.

Dar leis an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly nach bhfuil sé ceart nach mbeadh seirbhísí ailse ar fáil mar go bhfuil imní ar na hothair seo cheana féin agus go bhfuiltear ag cur lena bhfulaingt.

Deputy Connolly says she will ask Health Minister Stephen Donnelly about the situation in the Dáil this week.

Deir an Teachta Connolly go gcuirfidh sí ceist ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly faoin scéal sa Dáil an tseachtain seo.

There will be more about this story on 7Lá on TG4 at 8 o’clock tonight.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar 7Lá ar TG4 ag 8 a chlog anocht.

Leave a Reply