Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:32 — 830.0KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y4hf3o54
“The government is not expecting a solid market.”
“Níl an rialtas ag súil le margadh téagarth.”
– Britishness.
– Breatimeacht.
Speaking at the Brexit today, Foreign Minister Simon Coveney said that due to this week’s events, the government cannot be expect a robust trading market.
Agus é ag caint faoin mBreatimeacht inniu, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, gur de bharr eachtraí na seachtaine seo, nach féidir leis an rialtas a bheith ag súil le margadh trádála téagartha.
He said it will only be a thin and basic arrangement, under which fishing matters will be covered.
Dúirt sé nach mbeidh ann ach socrú tanaí agus bunúsach, faoina gcludófar cúrsaí iascaireachta.
At the Agricultural Society’s Annual Conference, he said that if Britain leaves the European Union without an agreement, duties of up to € 1.5bn will be levied on Irish goods exported to Britain.
Ag Comhdháil Bhliaintiúil an Chumainn Talmhaíochta, dúirt sé gur, sa gcás go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan comhaontú, go ngearrfaí dleachtanna de suas le €1.5bn ar earraí de chuid na hÉireann atá á n- easpórtáil chun na Breataine.
That, he said, would be a particular problem for the dairy industry and the beef industry.
Fadhb ar leith a bheadh ann, a dúirt sé, don tionscal déiríochta agus don tionscal mairteola.
Earlier this week, it emerged that Britain intended to violate international law.
Níos luaithe an tseachtain seo, tháinig sé chun cinn go raibh sé i gceist ag an mBreatain an dlí idirnáisiúnta a shárú.
It is understood that they intend to disregard the protocols for Northern Ireland agreed under the withdrawal agreement, signed in January.
Tá sé i gceist acu, tuigtear, neamhaird a thabhairt ar na protocail maidir le Tuaisceart Éireann a aontaíodh faoin gcomhaontú aistarraingthe, a síníodh i mí Eanáir.
There is now a crisis in the talks between the European Union and Britain and there is growing concern that a trade market will not be reached by the deadline, in four months’ time.
Tá géarchéim ann anois ó thaobh na gcainteanna idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain agus tá ag géarú ar an imní nach mbeifear in ann margadh trádála a bhaint amach faoin spriocdháta, i gceann ceithre mhí.