20200902_IRISH_15_23



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y4h9gzsk

Damage to houses in Connemara due to flooding.

Damáiste do thithe i gConamara de bharr tuile.

North Connemara experienced heavy rainfall during the night and has resulted in a number of roads in the area being flooded.

Bhí tabhairt mhaith báistí i dtuaisceart Chonamara i gcaitheamh na hoíche agus tá roinnt bóithre sa cheantar faoi uisce dá barr.

The Low Road in Clifden is flooded and the fire service has come to the aid of people in housing estates there whose homes have run out of water.

Tá tuile ar an mBóthar Íseal sa Chlochán agus tá an tseirbhís dóiteáin tagtha i gcabhair ar dhaoine in eastát tithíochta ansin a bhfuil an t-uisce tar éis rith isteach ina dtithe.

Gardaí say part of the road between the Burnt House and Dirty Row is flooded, as well as roads around Kilmore.

Deir na Gardaí go bhfuil cuid den bhóthar idir an Teach Dóite agus Sraith Salach faoi uisce, chomh maith le bóithre thart ar an gCoill Mhór.

Met Éireann estimates that between 25 and 35 millimeters of rain will fall in four counties in the west of the country – Donegal, Leitrim, Mayo and Sligo – and that there will be localized rainfall.

Deir Met Éireann go dtitfidh idir 25 agus 35 milliméadar báistí i gceithre chontae in iarthar na tíre i gcaitheamh an lae – Dún na nGall, Liatroim, Maigh Eo agus Sligeach – agus go mbeidh fuarlaigh áitiúla ann.

Underwater road in north Connemara They have issued a rain sign with yellow status, which will run until 5pm.

Bóthar faoi uisce i dtuaisceart Chonamara Tá fógra báistí a bhfuil stádas buí leis eisithe acu, agus beidh feidhm leis go dtí 5 a chlog tráthnóna.

The rain will spread southeast across the country but the weather will dry out in much of Leinster and Munster during the day.

Leathfaidh an bháisteach soir ó dheas trasna na tíre ach triomóidh an aimsir i gcuid mhór de Chúige Laighean agus de Chúige Mumhan amach sa lá.

Tomorrow is a good idea.

Tá tuairim mhaith den lá amárach.

There will be a lunar weather, apart from the occasional shower.

Beidh gealacht aimsire ann, seachas an breac-chith anseo agus ansiúd.

Leave a Reply