20210920_IRISH_beirt_fhear_as_doire_cuisithe_i_ndunmharu_lyra_mckee



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzh596l6

Two Derry men charged with the murder of Lyra McKee.

Beirt fhear as Doire cúisithe i ndúnmharú Lyra McKee.

Two men from Derry have been brought before a court charged with the murder of journalist Lyra McKee in the city two and a half years ago.

Tugadh beirt fhear as Doire os comhair cúirte agus iad cúisithe i ndúnmharú an iriseora Lyra McKee sa chathair dhá bhliain go leith ó shin.

They are Gearóid Cavanagh, 33, and Jordan Devine, 21.

Sin iad Gearóid Cavanagh, 33 bliain d’aois, agus Jordan Devine, 21 bliain d’aois.

The two appeared in court today on video link.

Is ar nasc físe a bhí an bheirt os comhair na cúirte inniu.

Lyra McKee was shot and killed during riots in the Creggan area of Derry on 18 April 2019.

Lámhachadh agus maraíodh Lyra McKee le linn círéibeacha i gceantar an Chreagáin i nDoire ar an 18 Aibreán 2019.

Lyra McKee, 29, was killed by the group known as the New IRA, but by accident.

Dúirt an grúpa ar a dtugtar an tIRA Nua gurb iad a mharaigh Lyra McKee, a bhí 29 bliain, ach gur de thaisme é.

In court today, in addition to murder, Gearóid Cavanagh and Jordan Devine were charged with possession of firearms and ammunition with intent to endanger life.

Sa chúirt inniu, chomh maith le dúnmharú, cúisíodh Gearóid Cavanagh agus Jordan Devine in arm tine agus armlón a bheith ina seilbh acu agus rún acu beatha a chur i mbaol.

The two have also been charged with other crimes alleged to have taken place during the riots.

Tá coireanna eile a deirtear a tharla le linn na gcíréibeacha curtha i leith na beirte fosta.

A prosecution lawyer said police believe the two men were with the man who fired the bullet that killed Lyra McKee.

Dúirt dlíodóir ionchúisimh go gcreideann na póilíní go raibh an bheirt fhear in éindí leis an té a scaoil an piléar a mharaigh Lyra McKee.

Prosecution lawyers said the prosecution case is weak.

Dúirt dlíodóirí na gcúisithe go bhfuil cás an ionchúisimh lag.

Both were released on bail and will be brought before a court again on October 7.

Scaoileadh saor an bheirt ar bannaí agus tabharfar os comhair cúirte arís iad ar an 7 Deireadh Fómhair.

Leave a Reply