20210919_IRISH_oiche_chultuir:_is_e_do_bheatha_ag_aos_dana_na_gaeltachta_duit



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yz9ja3nw

Culture Night: the life of the Gaeltacht naughty is for you !.

Oíche Chultúir: is é do bheatha ag aos dána na Gaeltachta duit!.

As part of the national celebration of Culture Night this year, Ealaín na Gaeltachta will be supporting over 30 diverse events throughout the Gaeltacht.

Mar chuid den cheiliúradh náisiúnta ar Oíche Chultúir i mbliana beidh Ealaín na Gaeltachta ag tacú le os cionn 30 imeacht ilghnéitheach ar fud na Gaeltachta.

Music, dance, film and literature events will take place online and in venues throughout the Gaeltacht.

Beidh ócáidí ceoil, damhsa, scannánaíochta agus litríochta ar siúl ar líne agus in ionaid ar fud na Gaeltachta.

In the Hermitage in Dingle, Co Kerry, writer – in – residence Colm Mac Gearailt and his friends Eoin P Ó Murchú, Fionn Ó Neill and Mattie Barker will present the oral poetry to the public.

Sa Díseart sa Daingean, Co Chiarraí, beidh an scríbhneoir cónaithe Colm Mac Gearailt agus a chairde Eoin P Ó Murchú, Fionn Ó Neill agus Mattie Barker ag cur na filíochta béil i láthair an phobail.

The Donegal Women ‘s Network will be celebrating the creativity of beavers at a sand art exhibition, with artist Maria Coleman making a film as part of the same project.

Beidh Gréasán Ban Dhún na nGall ag ceiliúradh chruthaitheacht na mbéithe ag taispeántas ealaíne gainimh, agus beidh scannán á dhéanamh ag an ealaíontóir Maria Coleman mar chuid den togra céanna.

In Inis Oírr, a brand new version of the traditional folk song Óró, ‘é do bheatha abhaile will be launched by the renowned singer Lasairfhíona Ní Chonaola.

In Inis Oírr, beidh leagan úrnua den amhrán tíre traidisiúnta Óró, ‘sé do bheatha abhaile á sheoladh ag an amhránaí iomráiteach Lasairfhíona Ní Chonaola.

Ruairí Ó Donnabháin, a dancer who is performing for Cléire, is the Gaeltacht ambassador for Culture Night 2021 and is looking forward to tonight: “I look forward to inviting the dancer Siobhán Ní Dhuinnín, the Dancer Resident at the Cultural Center in Baile Bhuirne, come out to work with me on Cléire to strengthen the link between the Gaeltacht areas in Cork. “

Is é Ruairí Ó Donnabháin, damhsóir atá ag cur faoi ar Chléire, ambasadóir na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2021 agus tá sé ag tnúth leis an oíche anocht: “Táim ag súil go mór le cuireadh a thabhairt don rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín, an Rinceoir Cónaitheach san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne, teacht amach chun obair liom ar Chléire chun an nasc idir na ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh a láidriú.”

Micheál Ó Fearraigh, Údarás na Gaeltachta’s Arts Development Executive, said that celebrating the cultural richness of the Gaeltacht provides “a vibrant and unique insight nationally and internationally into the uniqueness of the Gaeltacht”.

Dúirt Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon Údarás na Gaeltachta, go dtugtar “léargas bríomhar agus ar leith go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar shainiúlacht na Gaeltachta” trí shaibhreas cultúir na Gaeltachta a cheiliúradh.

A special television program entitled Culture Night in the Gaeltacht will take place on TG4 at 8.30 tonight.

Beidh clár speisialta teilfíse dar teideal Oíche Chultúir sa Ghaeltacht ar siúl ar TG4 ag 8.30 anocht.

!

Leave a Reply