20210918_IRISH_leath_na_ceirde_an_uirnis:_leas_a_bhaint_as_droin_ag_maoir_uisce



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yfus2jkx

Half the craft of the harness: drones being used by water wardens.

Leath na ceirde an uirnis: leas á bhaint as dróin ag maoir uisce.

Inland Fisheries Ireland says there has been an increase in illegal fishing in this country during the Covid-19 restrictions.

Deir Iascach Intíre Éireann go raibh meadú ar iascaireacht mhídhleathach sa tír seo le linn srianta covid 19.

The State agency is responsible for the protection and conservation of fish stocks and inland waterway resources.

Tá an ghníomhaireacht Stáit freagrach as stoic éisc agus acmhainní na n-uiscebhealaí intíre a chosaint agus a chaomhnú.

In efforts to control illegal fishing, the agency has resorted to modern technology.

Agus iarrachtaí á ndéanamh acu le smacht a chur ar iascaireacht mhídhleathach, tá an ghníomhaireacht tar éis dul i muinín na teichneolaíochta nua-aimseartha.

Inland Fisheries Ireland says it is using drones more frequently to keep a closer eye on the country’s rivers and waterways.

Deir Iascach Intíre Éireann go bhfuil leas á bhaint níos mince acu as dróin chun súil níos géire a choimeád ar aibhneacha agus uiscebhealaí na tíre.

Officers are trained to put the drones to work while out on patrol.

Tá oifigigh oilte chun na dróin a chur ag obair agus iad amuigh ar patról.

One of them, Seán Ó Cionnaith, says that drones are a great help: “Drones can fly over a river in a short amount of time, which can take us a few hours to walk.

Deir duine acu, Seán Ó Cionnaith, gur an-chúnamh is ea na dróin: “Tá na dróin in ann eitilt thar abhainn in achar beag ama, rud a d’fheádfadh cúpla uair a chloig a thógaint orainne ag siúl.

“Also, we have found more illegal equipment due to the drones.”

“Chomh maith leis sin, táimid tar éís teacht ar níos mó trealamh mídhleathach de bharr na ndrón.”

Fisheries Inspector Barry Kelly says officers seized almost 1,300 illegal devices last year compared to 788 the previous year.

Deir an Cigire Iascaireachta Barry Kelly gur ghabh oifigigh nach mór 1,300 gléas mídhleathach anuraidh i gcomparáid le 788 an bhliain roimhe sin.

In addition, 119 legal cases were opened in 2020 compared to 67 in 2019.

Chomh maith leis sin, cuireadh 119 cás dlí sa siúl in 2020 i gcomórtas le 67 in 2019.

With the help of state-of-the-art equipment, Cellular says, the agency will now keep a closer eye on more waterways.

Le cabhair an trealaimh nua- aimseartha, a deir an Ceallach, beidh an ghníomhaireacht ag coimeád súil níos géire agus níos minice anois ar níos mó uiscebhealaí.

Leave a Reply