20210916_IRISH_praghsanna_tithe_ardaithe_8.6%_ar_an_mean_le_bliain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yhvchung

House prices rose 8.6% on average over a year.

Praghsanna tithe ardaithe 8.6 faoin gcéad ar an meán le bliain.

House prices have risen by an average of 8.6% in a year, according to the latest figures from the Central Statistics Office.

Tá praghsanna tithe ardaithe 8.6 faoin gcéad ar an meán le bliain, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

This is the fastest growth rate in three years.

Seo an ráta fáis is gasta le trí bliana.

The statistics relate to the year to last July.

Baineann an staidreamh leis an mbliain go dtí Iúil seo caite.

Dublin’s average increase was 8.1% – both north and south – and the rest of the country was up 9.1%.

Ardú 8.1 faoin gcéad ar an meán a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath – idir thuaidh agus theas – agus ardú 9.1 faoin gcéad sa chuid eile den tír.

The figures also show that the volume of homes being bought and sold back is at the same level as before the pandemic.

Léiríonn na figiúirí chomh maith go bhfuil an méid tithe atá á gceannach agus á ndíol ar ais ag an leibhéal céanna agus a bhí roimh an bpaindéim.

In Dublin, house prices rose 9.2% and apartment prices rose 3.7%.

I mBaile Átha Cliath, is ardú 9.2 faoin gcéad a tháinig ar phraghsanna tithe agus is ardú 3.7 faoin gcéad a tháinig ar phraghsanna árasán.

Outside Dublin, house prices rose by 8.7% and apartment prices by 14.6%.

Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, bhí ardú 8.7 faoin gcéad ar phraghsanna tithe agus ardú 14.6 faoin gcéad ar phraghsanna árasán.

The largest increase was in the border area – 16.2%.

Is i limistéar na teorann a bhí an t-ardú is mó – 16.2 faoin gcéad .

The cheapest residences in the State are in Castlerea, Co. Roscommon, and Clones, Co. Monaghan.

Is sa Chaisleán Riabhach, Co Ros Comáin, agus i gCluain Eois, Co Mhuineacháin, atá na hárais chónaithe is saoire sa Stát.

The average price in these areas is € 90,000.

€90,000 is ea an meánphraghas sna ceantair sin.

Prices are now 99% higher in the country as a whole than in 2013, at a time of economic downturn.

Tá praghsanna 99 faoin gcéad níos airde anois sa tír trí chéile ná mar a bhí in 2013, tráth a bhí cúlú eacnamaíochta ann.

This is an increase of 106.8% for Dublin.

Ardú 106.8 faoin gcéad atá ann i gcás Bhaile Átha Cliath.

Leave a Reply